Information
Athruithe agus Comhthéacsanna: forléargas do theagascóirí

A Chomhghleacaithe, a chairde,

Ba bhreá linn fáilte a chur romhaibh chuig suíomh Digilanguages.

Mar is eol daoibh ar fad, is próiseas leanúnach é an fhorbairt ghairmiúil leanúnach agus mar sin, tugann Digilanguages faoi fheasacht a chothú, i measc teagascóirí teanga, ar an úsáid is féidir a bhaint as acmhainní digiteacha i Sealbhú na Dara Teanga (SLA).

Díríonn an téama Athruithe agus Comhthéacsanna ar an aistear a dhéanann an mac léinn isteach san Ardoideachas agus ar an aistear a dhéanann sé tríd  i ré na teicneolaíochta.  Tugann an téama seo aghaidh ar thopaicí éagsúla lena n-áirítear an chumarsáid idirchultúrtha, na meáin shóisialta, cleachtadh a dhéanamh ar an sprioctheanga agus ullmhúchán don tréimhse athlonnaithe.

D’fhorbair agus bhailigh foireann Digilanguages réimse acmhainní a chabhróidh le teagascóirí tuiscint a fháil ar na scileanna a bhaineann le hinniúlachtaí digiteacha don fhoghlaim teanga.  Cuirtear gníomhaíochtaí is féidir le teagascóirí a úsáid leis na mic léinn ar fáil chomh maith le smaointe maidir leis an gcaoi ar féidir gníomhaíochtaí a chur in oiriúint d’fhoghlaim na hinniúlachta digití d’fhonn cleachtadh a dhéanamh uirthi.

Seo a leanas aidhmeanna an tsuímh seo:

  • tuiscint ar úsáid na n-inniúlachtaí digiteacha sa chomhthéacs sealbhaithe teanga a chur chun cinn
  • léiriú a dhéanamh ar an gcaoi ar féidir inniúlachtaí digiteacha na mac léinn a fhorbairt agus scileanna teanga, lena n-áirítear scileanna éisteachta, labhartha, léitheoireachta agus scríbhneoireachta a chleachtadh trí ghníomhaíochtaí a bhúnú ar thopaicí éagsúla, mar shampla, an tréimhse athlonnaithe.
  • an chaoi ar féidir gníomhaíocht amháin a chur in oiriúint d’fhoghlaimeoirí sé theanga dhifriúla (An Fhraincis, An Ghearmáinis, An Ghaeilge, An Iodáilis, An Spáinnis agus an Béarla) a léiriú.

Cuirtear eolas ar fáil faoin téama seo ar an gcaoi ar féidir leat gníomhaíochtaí curaclaim a úsáid chun cabhrú le mic léinn leis an athrú chuig timpeallachtaí foghlamtha teanga agus chun inniúlachtaí digiteacha, atá ríthábhachtacha do chéimithe don fhoghlaim ar feadh an tsaoil, a mhúineadh dóibh.

D’fhéadfadh teagascóirí teanga na straitéisí seo a úsáid chun an fhoghlaim dhigiteach a chur chun cinn agus chun daltaí a ullmhú don athrú ón meánscoil go hinstitiúid tríú leibhéil, do thréimhsí athlonnaithe agus don áit oibre.

Is cuid lárnach d’éiteas Digilangauges an inbhuanaitheacht.  Más mian leat aiseolas a thabhairt ar ghníomhaíocht ar bith nó go deimhin, gníomhaíochtaí eile a mholadh, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le ball ar bith den fhoireann.

 

Chun tuilleadh foghlama a dhéanamh ar an aistriú chuig timpeallachtaí foghlamtha teanga.

Tugann an tábla seo liosta de na topaicí a bhaineann leis an téama Athruithe agus Comhthéacsanna duit. Chun tuilleadh eolais a fháil ar chatagóir ar leith agus chun forléargas a fháil ar na gníomhaíochtaí atá ar fáil i do sprioctheanga, cliceáil ar an nasc cuí.

 

CategorySubCategoryBrief Description/Learning outcomes
Year One to Mobility ProgrammeSocial MediaEvaluation of the effective use of social media in your target language.
Target LanguageBuilding confidence in target language use and contexts.
ICC Part 1Introduction to the important concept and realities of intercultural communicative competence and cultural sensitivities.
Mobility ProgrammePre-mobility ProgrammePlanning and preparing for your Mobility Programme
During your Mobility ProgrammeExploiting the full potential of your limited time abroad.
ICC Part 2Deeper exploration of and exposure to the important concept and realities of intercultural communicative competence and cultural sensitivities.
CPDImportance of CPDThe importance of maintaining professional development in language teaching.