Cuireann meabhairmhapaí go mór le do chuid foghlama agus leis an gcruthaitheacht atá ionat. Ach ar dtús, freagraímis dhá cheist thábhachtacha: .
- Céard is meabhairmhapa ann? agus
- Cén chaoi arbh fhéidir meabhairmhapaí a úsáid chun stór focal a mhéadú?
- Is léaráid é an meabhairmhapa a léiríonn eolas a bhaineann le topaic ar leith. Cuirtear an príomhthéama sa lár agus cuirtear fothéamaí nó smaointe a bhaineann leis ar na géaga. Úsáideann an teicníc seo eochairfhocail chun na smaointe atá agat a leagan amach. Cruthaítear nasc idir na focail agus spreagtar smaointe nua san fhoghlaimeoir.
Fig. 1 Meabhairmhapa – Stór focal (mindmeister.com)
- Cuireann meabhairmhapaí leis an stór focal atá agat, ní hamháin toisc go bhfoghlaimíonn tú brí na bhfocal ach cruthaíonn tú nasc idir focail éagsúla agus na comhthéacsanna difriúla a bhaineann leo. Anuas air sin, is féidir leas a bhaint as meabhairmhapa mar bhunachar eolais toisc gur féidir naisc agus comhaid a bhaineann leis an stór focal a chur leis (mar shampla, féadfaidh tú pictiúir nó comhaid fuaime d’fhoghraíocht na bhfocal a chur leis). Ar chríochnú an taisc seo duit, beidh tú in ann:
- cur leis an stór focal atá agat
- focal a chur le chéile agus an úsáid a bhaintear astu i gcomhthéacsanna éagsúla a thuiscint
- ord agus eagar a chur ar an stór focal atá agat agus é a chur in oiriúint duit féin
Modh Oibre
Oscail https://www.mindmeister.com/ nó http://www.simpleapps.eu/simplemind/ agus/nó íoslódáil an aip.
- Oscail an clár agus cliceáil ar “New Mind Map”, ansin:
- Roghnaigh an príomhthéama a bheas agat (i.e. “bia”, “dathanna”, “treonna”, “éadaí”) . Is é an príomhthéama bunús an mheabhairmhapa agus cuireann sé an téama a bheas á phlé agat in iúl.
- Cuir géaga leis an meabhairmhapa chun fothéamaí nó smaointe eile a chur leis.
- Cuir eochairfhocail leis.
- Déan dathchódú ar na géaga.
- Cuir pictiúir leis.
Tabhair faoi d’aire gur féidir na dathanna agus stíleanna a roghnú tú féin agus tú ag úsáid na leaganacha is bunúsaí (atá saor) de na haipeanna/suíomhanna gréasáin seo. Is féidir an meabhairmhapa a roinnt, a shábháil agus comhaid a chur leis chomh maith.
An Teicneolaíocht a bheas de dhíth
Gléas soghluaiste ar bith (fón cliste, ríomhaire táibléid) agus/nó ríomhaire glúine/ríomhaire deisce.
Ceangal leis an idirlíon
Ábhar agus naisc
Céard é an chéad chéim eile?
Baineann an tasc seo le “An Sprioctheanga: meabhairmhapa den dul chun cinn”