Reading
Céard is inniúlacht sa chlibeáil ann?

Aidhmeanna

Ar chríochnú an aonaid seo, beidh tú in ann:

  • na heochairchoincheapa a bhaineann le hinniúlacht sa chlibeáil a shainmhíniú
  • míniú a thabhairt ar an gcaoi a n-oibríonn an chlibeáil agus ar an gcaoi ar féidir scileanna clibeála a fhorbairt
  • acmhainní don seomra ranga a roghnú agus tascanna don inniúlacht sa chlibeáil a dhearadh do do chuid mac léinn

 

Sainmhíniú

Sainmhíníonn Dudeney, Hockly and Pegrum (2014: 19) an inniúlacht sa chlibeáil mar “ability to interpret and create effective folksonomies (user-generated indexes of online resources represented visually as tag clouds).”

 

Céard is inniúlacht sa chlibeáil ann?

Feidhm thábhachtach amháin atá ag Flickr, WordPress, Twitter agus Instagram ar fad is ea gur féidir le húsáideoirí clibeáil a dhéanamh.

Cineál rangaithe sóisialta atá sa chlibeáil agus tá an-bhaint aici leis an téarma córas clibeála pobail (féach thíos). Is féidir leis an bhfoghlaimeoir teanga an-úsáid a bhaint as an gclibeáil, is féidir leo í a úsáid chun feabhas a chur ar a scileanna cuardaigh, taifead a dhéanamh ar an gconair taighde agus acmhainní a bhainistiú.

Is féidir leis an úsáideoir clibeanna a chruthú, eagarthóireacht a dhéanamh orthu, iad a bhaint nó iad a nuashonrú. Bíonn ciall ag baint le clibeanna don duine a gcruthaíonn agus a n-úsáideann iad. Mar sin féin, is féidir linn a mhúineadh do na daltaí cén chaoi faobhar a chur ar a gcuid scileanna clibeála: úsáidfidh an foghlaimeoir scileanna traidisiúnta litearthachta agus teanga chun lipéid a dhéanann an cur síos agus an rangú cuí a cheapadh agus iad ag cruthú córas clibeála pobail.

Is féidir do chórais chlibeála pobail féin a chruthú ar shuíomhanna ghréasáin áirithe, mar shampla del.icio.us agus diigo. Cabhraíonn na huirlisí seo le mic léinn cuntas a choinneáil ar an taighde a dhéanann siad agus ar naisc úsáideacha a bhaineann leis an staidéar nó le hábhar spéise atá acu.  Anuas air sin, má chuireann foghlaimeoirí teanga a gcórais chlibeála pobail ar fáil go poiblí, ‘they will be contributing to the global task of managing digital information, thereby developing their participatory literacy‘ (Dudeney, Hockly and Pegrum, 2014: 19).

 

Céard is córas clibeála pobail ann? Céard is brí le córas clibeála pobail? An bhrí atá le córas clibeála pobail agus míniú air

Eolas faoin inniúlacht sa chlibeáil

Córas clibeála poiblí versus tacsanomaíocht

D’fhéadfaí miniú leathan a dhéanamh ar an tacsanomaíocht mar eolaíocht an rangaithe. D’úsáidtí an téarma chun tagairt a dhéanamh do ranganna bitheolaíocha d’orgánaigh bheo agus dhíofa go dtí na 2000idí. Tagann an téarma ón na focail Gréigise taxis (“socruithe”) agus nomos (“dlí”). Mar sin, tacsanomaíocht ba ea an mhodheolaíocht agus na prionsabail a bhain le speicis ainmhíocha agus speicis phlandaí a eagrú ina n-ordlathas de ghrúpaí uachtaracha agus íoctaracha. Sonraíonn úinéirí an ábhair an tacsanomaíocht nuair a fhoilsítear an t-ábhar.

Is córas rangaithe é freisin córas clibeála pobail. Tá córas clibeála pobail difriúil ón tacsanomaíocht sa mhéid is go gcuireann úsáideoirí clibeanna poiblí ar ábhar ar líne, chun cabhrú leo iad a aimsiú arís de ghnáth. Chomh maith leis sin, cruthaíonn córas clibeála pobail catagóirí gan ordlathas a lua. Níl solúbthacht ann i gcás tacsanomaíochtaí agus ní féidir iad a athrú ach nuair a úsáidtear córais chlibeála phobail, is féidir ábhar a rangú ar bhealaí éagsúla ag an am céanna.

domenico79, Slideshare

domenico79, Slideshare

 

Néalta focal agus néalta clibeanna

Is léirshamhlú sonraí (mar shampla, cairteacha, graif, grafaicí faisnéise, agus eile) a bhíonn i gceist le néalta focal agus feidhmíonn siad go simplí: dá mhinice a bhíonn focal i dtéacs is ea is mó (agus uaireanta, is dorcha) an chuma a bhíonn air sa néal.

Léiríonn néal clibeanna focail de réir minicíochta freisin. Is innéacsanna hipearnasctha iad na focail ar néal clibeanna. Chomh maith leis sin, cruthaíonn úsáideoirí na clibeanna, cuireann siad leis iad agus déanann siad eagarthóireacht orthu seachas a bheith ag brath ar mhinicíocht na bhfocal sa téacs.

By In2thats12 - Own work, Public Domain, https://commons.wikimedia.org/w/index.php?curid=11694892

Le In2thats12 – Obair féin, fearann poiblí

 

 

 

Naisc úsáideacha

  • Tag Literacy (2005), Ulises A. Mejias, Associate Professor, SUNY Oswego

 

Gníomhaíochtaí don seomra ranga

Roimh an tréimhse athlonnaithe Eolas a chur ar áiteanna nua trí úsáid a bhaint as Google Maps

Scileanna scríbhneoireachta:  Straitéisí Scríbhneoireachta: blaganna a úsáid

 

Céard é an chéad chéim eile?

 

Foinse: Digilanguages. Údar: Alexandre Jacquot

Show Additional Content

Additional Content

Additional tips for teachers

A few websites are available to everyone for creating word clouds: Wordle ; TagCrowd ; Tagxedo

WordPress is a useful website that gives us the possibility to create class blogs in which students can experiment tags and tag clouds.

Two tools to create your own folksonomies : diigo ; delicious

 

Definitionen

Zum Weiterlesen gibt es hier eine Einführung der Uni Potsdam.

Nützliche Hilfsmittel

Wortwolke.com bietet einen kostenlosen Service zur Herstellung von tag clouds an.

Materiale aggiuntivo in italiano

Da leggere: