ICC
Na Meáin Shóisialta a úsáid sa sprioctheanga

Is minic a bhíonn réimse leathan meán sóisialta in úsáid ag mic léinn na chéad bhliana, agus beidh siad gníomhach ar shuíomhanna sóisialta.  Spreagann an ghníomhaíocht seo mic léinn chun úsáid a bhaint as suíomh sóisialta ar leith le teanga a fhoghlaim agus cuireann sé ar a súile do na mic léinn na hacmhainní atá ar fáil dóibh trí na meáin seo.  Ar chríochnú an taisc dóibh, beidh eolas ag mic léinn faoi acmhainní na meán sóisialta sa sprioctheanga.  Gheobhaidh siad eolas faoin gcultúr agus faoin teanga ar bhealach a bhfuil tuiscint acu air agus atá taitneamhach dóibh.

Ábhar agus naisc

  • Facebook.com
  • Twitter.com
  • Instagram.com
  • Snapchat.com
  • Youtube.com
  • LinkedIn.com
  • Tumblr.com
  • Pinterest.com

Treoirlínte

  1. Ceistigh na mic léinn faoin úsáid a bhaineann siad as na meáin shóisialta.  Is féidir leat ceisteanna a chur orthu agus iarraidh orthu a lámha a chur in airde nó uirlis suirbhé Kahoot a úsáid (féach an tasc: ‘Kahoot a úsáid chun mic léinn na chéad bhliana a spreagadh agus a mhealladh ‘ chun tuilleadh eolais a fháil).  Rogha eile is ea suirbhé ar líne a chruthú le Google Docs, Survey Monkey nó a leithéid agus an suirbhé a chur chucu.  Ba chóir an suirbhé a scríobh i sprioctheanga an ranga.
  2. Seo a leanas samplaí de cheisteanna a d’fhéadfaí a chur ar an suirbhé
    • Cé mhéad am a chaitheann tú ag plé leis na meáin shóisialta ‘chuile lá?
    • Cé mhéad cuntas meán sóisialta atá agat?
    • Cé hiad na suíomhanna sóisialta a bhfuil cuntas agat leo?
      1. Facebook
      2. YouTube
      3. Twitter
      4. SnapChat
      5. Instagram
      6. LinkedIn
      7. Vine
      8. Tumblr
      9. Google+
      10. Pintrest
      11. Other
    • Céard iad na suíomhanna sóisialta a úsáideann tú go minic?
    • Cé hiad na daoine a leanann tú iad ar na meáin shóisialta?  Cé leis na póstálacha is mó is suim leat?
  3. Pléigh torthaí an tsuirbhé leis an rang sa sprioctheanga.  Ba chóir go mbeadh suim ag na mic léinn san ábhar cainte toisc go mbaineann sé leo go pearsanta agus toisc gur réamhullmhúchán don phlé an suirbhé.
  4. Iarr ar na mic léinn suíomh sóisialta amháin a roghnú. Sa chás nach mbaineann mac léinn úsáid as na meáin shóisialta, iarr orthu cuntas a chruthú.
  5. Abair leis na daltaí go gcaithfidh siad duine a aimsiú ar an suíomh sóisialta a roghnaigh siad, a phóstálann ar an suíomh go rialta sa sprioctheanga.  D’fhéadfadh blagálaí, duine cáiliúil, nuachtán, comhlacht nó áit is suim leo i dtír na sprioctheanga a roghnú.
  6. Ba chóir do na mic léinn an t-úsáideoir sin a leanúint agus trí thrácht ar a laghad a phostáil ar leathanach an úsáideora sa sprioctheanga.
  7. Ba chóir do dhaltaí triúr úsáideoirí eile a bhaineann leis an úsáideoir a roghnaigh siad a leanúint chomh maith céanna.

Moltaí don mheasúnú

Scríobhann mic léinn tuairisc nó déanann siad cur i láthair nó físeán a chuireann síos ar an eispéaras a bhí acu agus iad ag baint úsáide as na meáin shóisialta sa sprioctheanga.  D’fhéadfadh na gnéithe seo a leanas a bheith mar chuid de:

  • Na fáthanna ar roghnaigh siad an suíomh sóisialta sin thar na cinn eile;
  • Na fáthanna ar roghnaigh siad an t-úsáideoir sin ar lean siad é;
  • Sonraí faoi na cineálacha éagsúla postálacha a dhéanann an t-úsáideoir agus cé chomh minic agus a phostálann siad;
  • Difríochtaí idir nósanna ar an suíomh sóisialta sa sprioctheanga agus sa chéad teanga, e.g. úsáid a bhaintear as emojis, as acrainmneacha, as Béarlachas i bpostálacha a rinneadh sa sprioctheanga, srl.
  • Fianaise ar an úsáid a bhain siad as an suíomh (tráchtanna, póstálacha, is maith liom, ceanáin, srl.)
  • Sonraí faoin triúr úsáideoirí eile ar lean siad iad.

Ba chóir measúnú a dhéanamh ar an tuarascáil seo mar a dhéanfaí measúnú ar thogra.  D’fhéadfadh na gnéithe seo a leanas a bheith mar chritéir don mheasúnú:

  • Úsáid agus caighdeán na sprioctheanga
  • Dul i ngleic leis an sprioctheanga ar na meáin shóisialta
  • Measúnú criticiúil ar an úsáideoir a roghnaigh siad maidir le comhthéacs cultúrtha/idirchultúrtha

Foinse: DigiLanguages Údar: Emma Riordan

Bibliography

Antón, M. M., & DiCamilla, F. J. (1999) ‘Socio-cognitive functions of L1 collaborative interaction in the L2 classroom’, The Modern Language Journal, 83. 2: 233-247. doi: 10.1111/0026-7902.00018

Butzkamm, W. (2003) ‘We only learn language once. The role of the mother tongue in FL classrooms: Death of a dogma’, The Language Learning Journal 28.1: 29-39. doi: 10.1080/09571730385200181

Cook, V. (2001) ‘Using the first language in the classroom’ Canadian Modern Language Review 57.3: 402-423.

Dailey-O’Cain, J., & Liebscher, G. (2009) ‘Teacher and student use of the first language in foreign language classroom interaction: functions and applications’, M. Turnbull & J. Dailey-O’Cain (Eds.), First language use in second and foreign language learning: 131-145 Bristol: Multilingual Matters.

Hall, G., & Cook, G. (2012) ‘Own-language use in language teaching and learning’, Language Teaching, 45.03: 271-308. doi: 10.1017/S0261444812000067

Levine, G. S. (2009) ‘Building meaning through code choice in second language learner interaction: A D/discourse analysis and proposals for curriculum design and teaching’, M. Turnbull & J. Dailey-O’Cain (Eds.), First language use in second and foreign language learning: 145-162. Bristol: Multilingual Matters.

Levine, G. S. (2014) ’Principles for code switching in the foreign language classroom: A focus on grammaring’, Language Teaching 47.3: 332-348.

Macaro, E. (2009) ‘Teacher use of codeswitching in the second language classroom: Exploring ‘optimal’ use’, M. Turnbull & J. Dailey-O’Cain (Eds.) First language use in second and foreign language learning: 35-49. Bristol: Multilingual Matters.

Polio, C. G., & Duff, P. A. (1994) ‘Teachers’ language use in university foreign language classrooms: a qualitative analysis of English and target language alternation’, Modern Language Journal 78: 313-326. doi: 10.2307/330110

Riordan, E. (2015) ‘The policy and practice of teacher target language use in post-primary foreign language classrooms in Ireland’, European Journal of Language Policy 7:2 pp. 165-179

Source/attribution: DigiLanguages        Author:   Emma Riordan