Information
Úsáid na sprioctheanga: Cé mhéad, cén uair, cén fáth?

Bíonn taithí foghlamtha teanga na dteagascóirí a oibríonn in ollscoileanna na hÉireann an-éagsúil ón taithí a bhíonn ag na mic léinn ina gcuid ranganna. Bíonn tuiscint na dteagascóirí ar an gcaoi ar chóir rang teanga a leagan amach éagsúil leis an tuiscint a bhíonn ag na mic léinn, go háirithe i dtaca le húsáid na sprioctheanga. Aidhm na gníomhaíochta seo is ea cabhrú le teagascóirí teanga machnamh a dhéanamh ar úsáid na sprioctheanga sa seomra ranga i gcomhthéacs an oideachais tríú leibhéil in Éirinn.

Nóta: Ní mór teacht a bheith agat ar irisleabhair.

Ar chríochnú an taisc seo, beidh tuiscint níos soiléire ag teagascóirí ar an úsáid a bhaineann siad as an sprioctheanga. Beidh eolas acu ar an taithí a bhíonn ag mic léinn na chéad bhliana ar an bhfoghlaim teanga ag an leibhéal iarbhunscoile agus beidh tuiscint acu ar a bhfuil na mic léinn ag súil leis mar gheall air seo. Forbróidh teagascóirí straitéisí chun feabhas a chur ar úsáid na sprioctheanga bunaithe ar thaighde reatha agus ar an gcomhthéacs teagaisc.

  1. Scríobh síos do chuid smaointe maidir leis an sprioctheanga a úsáid sa rang teanga. Cén fáth a bhfuil an sprioctheanga tábhachtach? An mothaíonn tú nár chóir cumarsáid a dhéanamh ach sa sprioctheanga? An mbíonn sé níos feiliúnaí teanga dhúchais na mac léinn a úsáid uaireanta? An féidir leas a bhaint as teanga dhúchais na mac léinn sa rang teanga?
  2. Déan machnamh ar an taithí a bhíonn ag mic léinn ar theanga a fhoghlaim. Tugann staidéar amháin (Riordan 2015) le fios go molann córas oideachais na hÉireann go n-úsáidfí an sprioctheanga amháin i ranganna teanga ag leibhéal iarbhunscoile. Bíodh sin amhlaidh, fuarthas amach gur úsáid múinteoirí an sprioctheanga ní ba lú ná leath den am, agus i ranganna áirithe nár úsáid an múinteoir an sprioctheanga ach 20% den am. Léigh an t-alt agus déan machnamh ar an gcaoi a bhféadfadh taithí na mac léinn dul i bhfeidhm ar an gcaoi a n-oibríonn siad i do rang.
  3. Léigh na hailt seo le Cook (2001) agus Macaro (2009). Cén cur síos a dhéanann siad ar úsáid na sprioctheanga? Cé mhéad den sprioctheanga is cóir don teagascóir a úsáid? Dar leis na húdair sin, cén uair is féidir úsáid a bhaint as teanga dhúchais na mac léinn? Cé na difríochtaí idir na smaointe a bhí agatsa maidir le húsáid na sprioctheanga agus smaointe na n-údar? Aimsigh tuilleadh litríochta maidir le húsáid na sprioctheanga agus úsáid na teanga dúchais sa rang teanga.
  4. Straitéisí a fhorbairt chun feabhas a chur ar an úsáid a bhaineann tú as an sprioctheanga. Agus machnamh déanta agat ar chúlra na mac léinn agus ar an litríocht, smaoinigh ar bhealaí a d’fhéadfá feabhas a chur ar an úsáid a bhaineann tú as an sprioctheanga. Molaimid go mba chóir aontú foghlama a fhorbairt leis na mic léinn agus plé a dhéanamh ar na buntáistí a bhaineann le húsáid a bhaint as an sprioctheanga agus as an teanga dhúchais sa rang teanga, socraígí plean maidir leis an méid den sprioctheanga a úsáidfear sa rang.
  5. Roinn do chuid smaointe le do chomhghleacaithe agus forbraígí treoirlínte maidir le húsáid na sprioctheanga in bhur roinn.
Foinse: DigiLanguages        Údar: Emma Riordan