Remix/Recreate
Sprioctheanga: mapáil a dhéanamh ar na céimeanna a thógann tú

 

Is féidir an-úsáid a bhaint as meabhairmhapaí chun foghlaim agus cruthaitheacht a chur chun cinn. Ach ar dtús, freagraímis an dá cheist:

  1. Céard is meabhairmhapa ann? agus
  2. Cén chaoi ar féidir meabhairmhapaí a úsáid chun machnamh a dhéanamh ar an bpróiseas sealbhaithe teanga agus chun an fhoghlaim a eagrú?
  1. Is léaráid é an meabhairmhapa a cheanglaíonn eolas a bhaineann le téama amháin le chéile. Bíonn an príomhthéama i lár na léaráide agus cuirtear na fothéamaí nó smaointe eile a bhaineann leis timpeall air. Úsáideann an teicníc seo eochairfhocail chun na smaointe atá agat a leagan amach. Cruthaítear nasc idir na focail agus spreagtar smaointe nua san fhoghlaimeoir.mindmap-key-to-learning                                    Fig.1: Uirlisí tábhachtacha foghlama (iQmatrix.com)
  2. Is féidir meabhairmhapaí a úsáid chun machnamh a dhéanamh ar an bpróiseas sealbhaithe teanga agus chun ord agus eagar a chur ar an bpróiseas. Is féidir iad a úsáid chun plean nó spriocanna a leagan amach, chun cuimhsiú a dhéanamh ar an bhfoghlaim agus chun smaointe nua a cheapadh. Anuas air sin, cruinníonn meabhairmhapaí eolas le chéile siocair gur féidir naisc agus comhaid eile a chur leo.

Buntáistí a bhaineann le meabhairmhapáil:

  • Tugann sí comhthéacs do na focail
  • Cuireann sí le cumas an fhoghlaimeora eolas sonrach a fheiceáil.
  • Cuireann sí le cumas an fhoghlaimeora eolas sonrach a thabhairt chun cuimhne.
  • Cuireann sí le cumas an fhoghlaimeora cuimhneamh ar phíosaí eolais a bhaineann lena chéile.
  • Cuireann sí le cumas an fhoghlaimeora bainistiú a dhéanamh ar an bhfoghlaim nuair a fhaigheann siad an-chuid eolais le chéile.
  • Cuireann sí le cumas samhlaíochta an fhoghlaimeora.
  • Bíonn an fhoghlaim níos taitneamhaí.
  • Cuidíonn sí le spriocanna foghlama a shoiléiriú.
  • Cuidíonn sí le pleanáil a dhéanamh ar an bhfoghlaim.
  • Spreagann sí gaol idir fhocal éagsúla.

Ar chríochnú an taisc seo duit, beidh tú in ann:

  • machnamh agus réasúnú a dhéanamh ar na tréimhsí éagsúla a bhaineann leis an bpróiseas sealbhaithe teanga duitse ar bhealach cruthaitheach agus criticiúil.
  • ord agus eagar a chur ar líon mór eolais a bhaineann leis an sprioctheanga.
  • plean oibre a chur le chéile i gcomhréir leis na spriocanna foghlama atá agat.

An Teicneolaíocht a bheas de dhíth  

  • Gléas soghluaiste ar bith (fón cliste, táibléad) agus/nó ríomhaire glúine/ríomhaire deisce.
  • Ceangal leis an idirlíon

Ábhar agus naisc

Modh oibre

  1.  Oscail https://www.mindmeister.com/nó http://www.simpleapps.eu/simplemind/agus/nó íoslódáil an aip.
  2.  Oscail an bogearra agus cliceáil ar “New Mind Map”.
  • Cuir an príomhthéama/príomhsmaoineamh leis (D’fhéadfadh an sprioctheanga a bheith i gceist leis seo, m.sh. An Iodáilis, An Fhraincis, An Ghearmáinis, An Ghaeilge nó an Spáinnis) . Is é an príomhthéama bunús an mheabhairmhapa agus cuireann sé an téama a bheas á phlé agat in iúl.
  • Cuir géaga leis na fothéamaí nó smaointe a bhaineann leis an ábhar leis an mapa (d’fhéadfadh scileanna teanga a bheith i gceist: scríbhneoireacht, éisteacht, labhairt agus léitheoireacht)
  • Cuir eochairfhocail leis.
  • Cuir dathanna éagsúla ar na géaga chun iad a rangú.
  • Cuir íomhánna leis.

Tabhair faoi d’aire gur féidir na dathanna agus stíleanna a roghnú tú féin agus tú ag úsáid na leaganacha is bunúsaí (atá saor) de na haipeanna/suímh ghréasáin seo. Is féidir an meabhairmhapa a roinnt, a shábháil agus comhaid a chur leis chomh maith.

Is féidir an tasc seo a cheangal leis antasc: “Meabhairmhapaí a úsáid chun do stór focal a leathnú”

Foinse: https://www.mindmeister.com/http://www.simpleapps.eu/simplemind/

 

Source/attribution: https://www.mindmeister.com/; http://www.simpleapps.eu/simplemind/