Is féidir an-úsáid a bhaint as meabhairmhapaí chun foghlaim agus cruthaitheacht a chur chun cinn. Ach ar dtús, freagraímis an dá cheist:
- Céard is meabhairmhapa ann? agus
- Cén chaoi ar féidir meabhairmhapaí a úsáid chun machnamh a dhéanamh ar an bpróiseas sealbhaithe teanga agus chun an fhoghlaim a eagrú?
- Is léaráid é an meabhairmhapa a cheanglaíonn eolas a bhaineann le téama amháin le chéile. Bíonn an príomhthéama i lár na léaráide agus cuirtear na fothéamaí nó smaointe eile a bhaineann leis timpeall air. Úsáideann an teicníc seo eochairfhocail chun na smaointe atá agat a leagan amach. Cruthaítear nasc idir na focail agus spreagtar smaointe nua san fhoghlaimeoir.
Fig.1: Uirlisí tábhachtacha foghlama (iQmatrix.com)
- Is féidir meabhairmhapaí a úsáid chun machnamh a dhéanamh ar an bpróiseas sealbhaithe teanga agus chun ord agus eagar a chur ar an bpróiseas. Is féidir iad a úsáid chun plean nó spriocanna a leagan amach, chun cuimhsiú a dhéanamh ar an bhfoghlaim agus chun smaointe nua a cheapadh. Anuas air sin, cruinníonn meabhairmhapaí eolas le chéile siocair gur féidir naisc agus comhaid eile a chur leo.
Buntáistí a bhaineann le meabhairmhapáil:
- Tugann sí comhthéacs do na focail
- Cuireann sí le cumas an fhoghlaimeora eolas sonrach a fheiceáil.
- Cuireann sí le cumas an fhoghlaimeora eolas sonrach a thabhairt chun cuimhne.
- Cuireann sí le cumas an fhoghlaimeora cuimhneamh ar phíosaí eolais a bhaineann lena chéile.
- Cuireann sí le cumas an fhoghlaimeora bainistiú a dhéanamh ar an bhfoghlaim nuair a fhaigheann siad an-chuid eolais le chéile.
- Cuireann sí le cumas samhlaíochta an fhoghlaimeora.
- Bíonn an fhoghlaim níos taitneamhaí.
- Cuidíonn sí le spriocanna foghlama a shoiléiriú.
- Cuidíonn sí le pleanáil a dhéanamh ar an bhfoghlaim.
- Spreagann sí gaol idir fhocal éagsúla.
Ar chríochnú an taisc seo duit, beidh tú in ann:
- machnamh agus réasúnú a dhéanamh ar na tréimhsí éagsúla a bhaineann leis an bpróiseas sealbhaithe teanga duitse ar bhealach cruthaitheach agus criticiúil.
- ord agus eagar a chur ar líon mór eolais a bhaineann leis an sprioctheanga.
- plean oibre a chur le chéile i gcomhréir leis na spriocanna foghlama atá agat.
An Teicneolaíocht a bheas de dhíth
- Gléas soghluaiste ar bith (fón cliste, táibléad) agus/nó ríomhaire glúine/ríomhaire deisce.
- Ceangal leis an idirlíon
Ábhar agus naisc
Modh oibre
- Oscail https://www.mindmeister.com/nó http://www.simpleapps.eu/simplemind/agus/nó íoslódáil an aip.
- Oscail an bogearra agus cliceáil ar “New Mind Map”.
- Cuir an príomhthéama/príomhsmaoineamh leis (D’fhéadfadh an sprioctheanga a bheith i gceist leis seo, m.sh. An Iodáilis, An Fhraincis, An Ghearmáinis, An Ghaeilge nó an Spáinnis) . Is é an príomhthéama bunús an mheabhairmhapa agus cuireann sé an téama a bheas á phlé agat in iúl.
- Cuir géaga leis na fothéamaí nó smaointe a bhaineann leis an ábhar leis an mapa (d’fhéadfadh scileanna teanga a bheith i gceist: scríbhneoireacht, éisteacht, labhairt agus léitheoireacht)
- Cuir eochairfhocail leis.
- Cuir dathanna éagsúla ar na géaga chun iad a rangú.
- Cuir íomhánna leis.
Tabhair faoi d’aire gur féidir na dathanna agus stíleanna a roghnú tú féin agus tú ag úsáid na leaganacha is bunúsaí (atá saor) de na haipeanna/suímh ghréasáin seo. Is féidir an meabhairmhapa a roinnt, a shábháil agus comhaid a chur leis chomh maith.
Is féidir an tasc seo a cheangal leis antasc: “Meabhairmhapaí a úsáid chun do stór focal a leathnú”
Foinse: https://www.mindmeister.com/; http://www.simpleapps.eu/simplemind/