Reading
Cuardaímis!

Is é aidhm na gníomhaíochta seo feasacht a chothú sna ndaltaí maidir leis an gcaoi a ndéanann innill chuardaigh scagadh ar thorthaí an chuardaigh do dhaoine agus an chaoi a bhféadfadh a leithéid dul i bhfeidhm ar an staidéar/obair. Sula ndéanann tú an ghníomhaíocht seo, b’fhéidir gur mhaith leat breathnú ar an leathanach Céard is inniúlacht sa chuardach ann? nó cuid den ábhar sainiúil teanga a úsáid chun stór focal, scileanna éisteachta agus scileanna scríbhneoireachta na ndaltaí a threisiú.

Torthaí Foghlama

Ar chríochnú na gníomhaíochta seo, beidh mic léinn in ann:

  • An scagadh pearsanta agus na srianta a bhíonn i gceist le hinnill chuardaigh a thuiscint
  • Torthaí cuardaigh a chúngú agus a scagadh

Teicneolaíocht a bheidh de dhíth

  • Ríomhaire a bhfuil ceangal idirlín aige atá ceangailte le teilgeoir sonraí
  • Ríomhairí nó gléasanna soghluaiste do na mic léinn (nó ceann idir gach beirt)
  • Innill Chuardaigh (GoogleBingYahoo, srl.)
  • Microsoft Snipping Tool nó uirlis ar bith eile a ghlacfaidh scáilghraf

Modh oibre

Roimh an rang
  1. Roimh an rang, roghnaigh téarma don chuardach (focal nó frása) a bhaineann leis an topaic atá ar bun agat leis na mic léinn;
  2. Déan cúpla cuardach ag baint úsáide as an téarma céanna
    1. Fág cúpla nóiméad idir gach cuardach;
    2. Déan ar ghléasanna éagsúla iad;
    3. Úsáid innill chuardaigh éagsúla (m.sh., Google, Bing, Yahoo, srl.) nó leaganacha logánta den inneall cuardaigh céanna (m.sh. Google France/Canada/Belgique, srl., Google Deutschland/Austria/Switzerland, srl.).
  3. Glac scáilghraf den chéad leathanach de thorthaí gach uair agus sábháil iad.
  4. Ullmhaigh bileog eolais nó cur i láthair Powerpoint don rang.
  5. Ullmhaigh Google Form a líonfaidh na mic léinn sa rang (Céim 2 thíos), a bhfuil trí bhosca air chun téarmaí don chuardach a chur ann (roghnach).
Sa rang
  1. Labhair faoi ábhar an taighde (mar shampla: lóistín do mhic léinn a aimsiú i dtír na sprioctheanga).
  2. Iarr ar na daltaí trí théarma sa sprioctheanga a bhaineann leis an ábhar a scríobh síos don chuardach. Is féidir seo a dhéanamh ar pháipéar nó is féidir Google form a rinne tú roimh ré a úsáid. Is féidir le mic léinn oibriú astu féin nó i mbeirteanna.
  3. Léigh na torthaí don rang nó taispeáin don rang iad agus pléigí na ceisteanna seo a leanas:
    1. Céard a insíonn na téarmaí cuardaigh duit faoi na húdair?
    2. Cén cineál eolais atá uathu?
    3. Céard iad na cineálacha éagsúla torthaí a mbeifí ag súil leo?
  4. Roghnaígí téarma amháin sa sprioctheanga (mar shampla ‘lóistín do mhic léinn’).
  5. Iarr ar na mic léinn an t-inneall cuardaigh a úsáideann siad de ghnáth a oscailt agus cuardach a dhéanamh don téarma a roghnaíodh.
  6. Iarr ar na mic léinn scáilghraf a ghlacadh de na torthaí ag baint úsáide as Windows Snipping Tool nó uirlis ar bith eile.
  7. Iarr ar na mic léinn céim a 5 agus a sé a dhéanamh athuair ach innill chuardaigh eile a úsáid (mar shampla Google UK, Google Ireland).
  8. Iarr ar na mic léinn comparáid a dhéanamh idir torthaí na gcuardach éagsúil agus iad a phlé.
  9. Iarr ar na mic léinn an cuardach céanna a dhéanamh agus na siombailí seo a leanas a úsáid: +, -, “…” (m.sh., +lóistín +do,+mic léinn, +lóistín do mhic léinn -lóistín do mhic léinn“lóistín do mhic léinn”).
  10. Iarr ar na daltaí comparáid a dhéanamh idir na torthaí agus iad a phlé.
Tar éis an ranga

Iarr ar na daltaí an cuardach céanna a dhéanamh sa bhaile nó cuardach a dhéanamh ar théarma nó ar théarmaí a roghnaítear sa rang. Iarr ar na daltaí leagan priontáilte nó scáilghraf den chéad leathanach de na torthaí a thabhairt leo chuig an gcéad rang eile. Iarr orthu na torthaí a roinnt an chéad lá eile agus déan comparáid eatarthu. Céard a thugann na torthaí le fios faoi na mic léinn éagsúla? B’fhéidir gur mhaith leat an mhír seo a leanas a mholadh dóibh Eli Pariser’s Ted’s talk: Beware online “filter bubbles”:

 

Foinse: Leagan athchóirithe de Dudeney et al. (2013, lch. 193, Gníomhaíocht 26) agus ó  Blin & Jacquot (2016)

Show Additional Content

Additional Content

Additional material and links

CPD reference material

Faire une recherche sur Internet (Open Classrooms)

Suchen und Finden im Internet

Für jedes Thema hier unten (und auch für andere Themen) können Sie einen Screenshot der ersten zwei Seiten von Suchergebnissen machen.

* Eine Wohngemeinschaft im Ausland finden (im Zusammenhang mit der Übung Student Accommodation)

* Persönliche Daten

* Klimawandel

* Bildungssystem

Deutsche Suchmaschinen:

 

Suchmaschinen: wie funktionieren sie?

Nützliche Links:

Foghlaimeoidh tú le Cuardach Casta a dhéanamh ag an nasc thíos:

 

Má chliceálann tú ar an nasc thíos, foghlaimeoidh tú an chaoi le Ceanáin / Leabharmharcanna a láimhseáil:

 

Alcuni argomenti per l’attività di ricerca in italiano

Per ciascuno degli argomenti seguenti potete salvare la prima schermata dei risultati (per una o più parole chiavi e per uno o più motori di ricerca):

  • L’alloggio per gli studenti
  • Il sistema educativo italiano
  • Le tradizioni regionali italiane

 

Da vedere:

Come funzionano i motori di ricerca? Guarda il video di PCAbc.it:

 

Da leggere:

Piccola guida scritta: Come fare ricerche online

 

Alcuni motori di ricerca italiani:

 

Author for Italian contents: Valentina Rizzo