Reading
Céard is inniúlacht sa hipirtéacs ann?

Aidhmeanna

Ar chríochnú an aonaid seo:

  • na heochairchoincheapa a bhaineann le hinniúlacht sa hipirtéacs a shainmhíniú
  • míniú a thabhairt ar an gcaoi a dtéann hipearnaisc i bhfeidhm ar théacs a léamh, téacs a thuiscint agus creidiúnacht an téacs
  • acmhainní don seomra ranga a roghnú agus tascanna don inniúlacht sa hipirtéacs a dhearadh do do chuid mac léinn

 

Hipirtéacs, hipearnaisc, hipirmheáin…

 

Cúpla sainmhíniú

Seo a leanas sainmhínithe atá ar fáil in The Tech Terms Computer Dictionary:

 

Hipertéacs is ea téacs atá nasctha le heolas eile. Tugtar an t-úsáideoir chuig ábhar eile go tapa nuair a chliceálann sé ar nasc i hipirtéacs. Cé go samhlaítear hipirtéacs le suíomhanna gréasáin go hiondúil, tá an teicneolaíocht ar fáil ó na 1960idí. Úsáideann ríomhchláir bhogearraí, lena n-áirítear foclóirí agus ciclipéidí hipirtéacs sna sainmhínithe le fada an lá ionas gur féidir le léitheoirí tuilleadh eolais a fháil ar fhocail nó ar ábhair áirithe go tapa. D’úsáid clár HyperCard de chuid Apple hipirtéacs freisin le go mbeadh úsáideoirí in ann bunachair shonraí ilnasctha a chruthú. Tá hipirtéacs an-fheiceálach ar an idirlíon sa lá atá inniu ann, bíonn naisc le feiceáil ar beagnach gach leathanach chuig leathanaigh eile agus bíonn idir téacs agus íomhánna in úsáid mar naisc chuig ábhar eile. Foinse: TechTerms: hypertext

 

Hipearnasc is ea focal, frása nó íomhá a thugann chuig cuid eile den doiciméad céanna nó chuig doiciméad eile thú nuair a chliceálann tú air. Bíonn hipearnaisc ar beagnach gach leathanach idirlín agus mar sin bíonn an léitheoir in ann dul ó leathanach go leathanach. Bíonn dath gorm ar hipearnaisc agus líne fúthu go mion minic ach ní gá go mbeadh. Nuair a chuireann tú an tsaighead os cionn hipearnaisc, ba chóir go n-athródh sí ina lámh bheag in aice leis an nasc. Nuair a chliceálann tú air, osclófar leathanach nua nó tabharfar chuig áit eile ar an leathanach céanna thú.

Feictear hipearnaisc nó ‘naisc’ mar a thugtar orthu, ar shuíomhanna ghréasáin go mion minic ach bíonn siad ar fáil i ndoiciméid eile chomh maith céanna. Áirítear ar na doiciméid sin ciclipéidí, gluaiseanna, foclóirí agus foinsí tagartha eile. Oibríonn na naisc ar an gcaoi chéanna agus a oibríonn siad ar líne agus tugann siad an léitheoir ó leathanach go leathanach. Go bunúsach, is féidir eolas a bhrabhsáil go sciobtha agus hipearnaisc in úsáid. Foinse: TechTerms: hyperlinks

De ghnáth, cliceáiltear ar naisc i bhfoirm téacs chun nascleanúint a dhéanamh ar líne, osclaítear leathanaigh nua i mbrabhsálaí gréasáin. Tugtar hipirtéacs ar na naisc seo, a mbíonn dath gorm orthu agus líne fúthu, toisc go dtugann siad an t-úsáideoir ó leathanach go leathanach. Hipirmheáin is ea leagan den hipirtéacs ina mbíonn íomhánna, físeáin agus beochaintí Flash nasctha le hábhar eile.

An cineál hipirmheán is coitianta is ea nasc íomhá. Nasctar grianghraif agus grafaicí ar an idirlíon le leathanaigh eile go mion minic. Mar shampla, dá gcliceálfaí ar íomhá bheag “mhionsamhla”, d’fhéadfadh go n-osclófaí leagan ní ba mhó den phictiúr i bhfuinneog nua. Dá gcliceálfaí ar ghrafaic fógraíochta, d’fhéadfadh go dtabharfaí chuig suíomh gréasáin an chomhlachta sin thú. Is féidir hipearnaisc a dhéanamh d’fhíseáin agus de bheochaintí chomh maith ach naisc a thagann chun cinn nuair a sheinntear iad a leabú iontu.

Is féidir a fháil amach an hipearnasc é íomhá nó físeán, ach an cúrsóir a chuir air. Má athraíonn an cúrsóir ina lámh bheag, ciallaíonn sin go bhfuil an físeán nó an íomhá nasctha le leathanach eile. Má chliceáiltear ar an téacs, an íomhá nó an físeán, osclófar leathanach eile. Mar sin, níor chóir cliceáil ar hipirtéacs nó ar hipirmheáin ach amháin nuair atá tú réidh chun imeacht ón leathanach a bhfuil tú ag breathnú air. Más mian leat an nasc a oscailt i bhfuinneog nua, is féidir deaschliceáil a dhéanamh air agus “Open Link in New Window” a roghnú. Foinse: TechTerms: hypermedia

 

Is mar seo a leanas a dhéanann Natalya Sinitskaya achoimre ar na feidhmeanna a bhaineann le hipirtéacs:

Il-líneacht: Ní bhíonn an t-eolas a chuireann hipirtéacsanna i láthair in ord agus mar sin, faightear réidh le hordlathais théacsúla (ailt a léamh in ord, mar shampla).

Idirthéacsúlacht: Is feidir leis an léitheoir nasc a dhéanamh idir an téacs atá os a chomhair amach agus téacsanna eile.

Il-údarthacht agus tuairimí éagsúla: Nuair a dhéantar eolas a chur i láthair i dtéacsanna éagsúla, is iomaí údar a bhíonn i gceist agus mar sin, bíonn éagsúlacht tuairimí le sonrú.

Dí-ábharú and fíorúlacht: Níl an téacs i leabhar a thuilleadh ach i bhfoirm cóid i dtimpeallacht fhíorúil.

Idirghníomhaíocht: Baineann dhá ghné le hidirghníomhaíocht hipirtéacsanna: is féidir leis an léitheoir a chúrsa féin tríd an téacs a roghnú agus an tuiscint atá aige ar an ábhar a mhúnlú dó féin; is féidir leis an léitheoir dul i ngleic leis an téacs agus eagarthóireacht a dhéanamh air, fáil réidh le cuid de nó an téacs a athrú, tráchtanna a chur leis nó suirbhéanna agus plé a dhéanamh air.

Céard is inniúlacht sa hipirtéacs ann?

Ó thaobh argóint an téacs, bíonn feidhm áititheach ag na naisc. Tugann siad suntas do phríomhphointí an téacs, déanann siad atreisiú ar na hargóintí is tábhachtaí atá ann agus tugann siad léargas ar oscailteacht agus ar chreidiúnacht an téacs. Ó thaobh nascleanúna, cuireann na naisc rogha ar fáil don léitheoir dul níos faide ná an téacs atá os a chomhair amach agus ábhar eile ar an idirlíon a roghnú chun a léamh. (Dudeney, Hockly agus Pegrum, 2013: 11)

Méadaíonn an iomarca nasc ualach cognaíoch an léitheora (agus mar sin, cuirtear isteach ar inléiteacht an doiciméid) agus tugann siad le fios gur doiciméid inchreidte é. Ardaítear ceisteanna faoi chreidiúnacht an téacs nuair a bhíonn easpa nasc ann. Sainmhíníonn Dudeney, Hockly and Pegrum (2013: 11) inniúlacht sa hipirtéacs mar “the ability to process hyperlinks appropriately and to use hyperlinks effectively to enhance a document or artefact”. Dar le Natalya Sinitskaya go bhfuil dhá thacar bunscileanna ag teastáil ó léitheoirí hipirtéacs, scileanna léitheoireachta idirghníomhaí agus scileanna nascleanúna.

  • Scileanna léitheoireachta idirghníomhaí Deir Natalya Sinitskaya, “hypertext engages readers in active interaction with the text on inter and intra-textual levels. The process of interaction requires a set of skills that is quite different from traditional print-based literacy” (Hipertéacs a léamh). Is iad sin:
    • Léitheoireacht neamhsheicheamhach
    • Léitheoireacht chriticiúil
    • Teagmháil léitheoirlárnach leis an téacs
    • Comhoibriú leis an údar
    • Scileanna iomramhála
  • Scileanna nascleanúna Bíonn trí thacar scileanna ag teastáil chun nascleanúint a dhéanamh go héifeachtach  i dtimpeallacht hipirtéacs (Natalya Sinistkaya):
    • Eolas a fháil
    • Brabhsáil
    • Treoshuíomh sa chibearspás

Ní mór do scríbhneoirí tuiscint a bheith acu ar na feidhmeanna atá ag hipirtéacs agus an chaoi ar féidir le hipearnaisc dul i bhfeidhm ar thuiscint an léitheora ar an téacs sula gcuirtear hipearnaisc le téacs. Bíonn eolas bunúsach ar HTML ina bhuntáiste chomh maith!

 

Tharlódh nach mbeadh ort suíomh gréasáin a chruthú ón tús ar fad toisc go gcuirfidh cuid mhór d’ardáin LMS eagarthóir méith-théacs ar fáil duit. Mar sin féin, is maith an rud é eolas bunúsach a bheith agat ar HTML ionas gur féidir leis fadhbanna áirithe a réiteach duit féin. Más mian leat tuilleadh a fhoghlaim faoi HTML, is iomaí físeán atá ar fáil ar an idirlíon faoi. D’fhéadfá triail a bhaint as an suíomh w3schools, an roinn Learn HTML ach go háirithe. Gheobhaidh tú gach eolas a bheidh uait chun naisc a chur i dtéacs digiteach ann.

 

Inniúlacht sa hipirtéacs sa seomra ranga teanga

Cén fáth nach n-iarrfá ar na mic léinn tionscadal idirlíonbhunaithe a dhéanamh sa sprioctheanga chun cabhrú leo a gcuid scileanna san inniúlacht sa hipirtéacs a fhorbairt. Cuireann hipearnaisc agus hipirmheáin go mór le postáil bhlag, teachtaireacht ríomhphoist, cur i láthair Powerpoint, srl. Tugann an tábla thíos forléargas ar na gníomhaíochtaí atá ar fáil ar an suíomh gréasáin seo. Cliceáil ar na naisc! Ná déan dearmad na míreanna sainiúla teanga ag bun an leathanaigh a sheiceáil chomh maith.

 

Context of useTitleRelated themesLanguages
OverviewHypertext literacy, what is it?EN (outline) ES FR IT
Activities for the classroom
Reading hypertextsReading strategies: raising awareness; Year AbroadEN FR IT
Writing hypertextsWriting strategies: using blogsEN (outline) FR GA IT
Independent learning
Hypertext literacy, what is it?Other language literacies, Reading and writing (FR), Listening comprehension, note taking (FR)EN FR GA IT

 

Inniúlachtaí gaolmhara

 

 

 

 

 

Foinse: Digilanguages          Údar: Alexandre Jacquot

Here are some additional resources in English. They may help you learn more about the terminology used in English and practices in the English speaking world. You can also use them to design activities for your international students.

Definitions in English

  • online dictionary 1
  • online dictionary 2
  • YouTube video explaining the vocabulary of the Internet?

Learn some basic HTML in English

  • Tutorial 1
  • Tutorial 2 (focus on inserting links?)

Additional resources in English

  • Links to more complex documents (e.g. recordings of lectures, critical essays on hypertext reading, etc.)

Voici quelques ressources supplémentaires en français.

Vous pouvez les utiliser pour mieux connaître la terminologie utilisée en français ainsi que pour avoir un aperçu des usages francophones. Vous pouvez également les utiliser pour construire des activités pour vos étudiants.

Définitions en français

Apprendre HTML en français!

Pour aller plus loin

Hier einige deutsche Quellen zum Thema Hyperlink

Zur Bedeutungsübersicht:

Hier ein Tutorium zum Erstellen von Hyperlinks auf Adobe.com 

Wer Html lernen möchte, kann hier einen Link zum entsprechenden Tutorium finden.

Zum Weiterlesen:

Ecco alcune risorse supplementari che vi aiuteranno a rinforzare la vostra conoscenza della terminologia utilizzata in italiano in questo contesto.

Definizioni e glossario:

Definizioni in italiano (dal sito dell’Università di Torino):

  1. Cos’è l’ipertesto
  2. Cos’è un link

Definizioni in italiano dal sito web pc-facile:

  1. Definizione di ipertesto
  2. Definizione di ipermedia

Può essere utile anche questo Glossario Informatico dell’Università Ca’ Foscari di Venezia in formato pdf.

Da vedere:

Nel video che segue potete trovare alcuni termini informatici di uso quotidiano, in italiano:

Apprendere HTML in italiano:

Qui potete trovare i tutorial di HTML.net in italiano. In particolare:

Source/attribution: Digilanguages          Author: Valentina Rizzo

En el siguiente enlace puedes encontrar un diccionario de términos informáticos:

Glosario informático

También puedes leer el siguiente artículo sobre los términos informáticos que la Real Academia de la Lengua ha aceptado.

Source/attribution: Digilanguages          Author: Marta Giralt