Aidhmeanna
Ar chríochnú an aonaid seo, beidh tú in ann:
- na heochairchoincheapa a bhaineann le hinniúlacht sa scagadh a shainmhíniú
- míniú a thabhairt ar an gcaoi ar féidir ró-ualach eolais a laghdú agus straitéisí scagtha eolais a fhorbairt
- acmhainní don seomra ranga a roghnú agus tascanna don inniúlacht sa scagadh a dhearadh do do chuid mac léinn
Sainmhíniú
Sainmhíníonn Dudeney, Hockly agus Pegrum (2014: 25) inniúlacht san fhaisnéis a mheas mar “an inflection of network literacy, this is the ability to reduce information overload by using online social and professional networks as screening mechanisms”.
Céard is inniúlacht sa scagadh ann?
“Ninety percent of everything is rubbish” a deir nath coitianta, ar a dtugtar ‘Sturgeon’s law’ nó ‘Sturgeon’s revelation’ agus cé gur féidir a áiteamh gur dearcadh simplíoch é, tá tábhacht aige d’aon duine atá ag iarraidh eolas a aimsiú, a bhailiú nó fiú don duine atá ag glacadh le heolas.
Tá sé ríthábhachtach go bhfoghlaimíonn foghlaimeoirí teanga cén chaoi eolas a scagadh. Is féidir straitéisí teicneolaíochta/eagarthóireachta a mhúineadh agus a úsáid (féach RSS agus fotha nuachta thíos). Is féidir straitéisí simplí a úsáid chun an inniúlacht sa scagadh a chur chun cinn. Ar dtús, is féidir fotha gréasáin a chruthú, scagairí a chur i bhfeidhm sa bosca isteach i gcuntas ríomhphoist nó foinsí iriseoireachta a aithint. Chomh maith leis sin, tá an-bhaint ag an inniúlacht sa scagadh leis an inniúlacht i líonraí siocair go mbíonn ar mhic léinn a fhoghlaim cén chaoi líonraí sóisialta agus gairmiúla a chur le chéile (féachPLNs thíos) chun an réimse leathan eolais atá ar fáil a scagadh.
Crap Detection 101, Howard Rheingold
Eolas faoin inniúlacht i líonraí
RSS agus fotha nuachta
Is cineál fotha gréasáin (nó fotha nuachta) é Achoimre ar Shuíomh Méith (nó Rich Site Summary, RSS), tugtar ‘Really Simple Syndication’ air uaireanta chomh maith. Cuireann fotha nuachta in iúl é nuair a chuirtear ábhar nua le suíomh gréasáin. Is féidir na ceannlínte is deireanaí agus físeáin a fháil in aon áit amháin a luaithe agus a fhoilsítear iad gan dul chuig an suíomh gréasáin ar leis an fotha. Is achoimre a nuashonraítear go rialta ar ábhar idirlín é fotha RSS ar a mbíonn naisc chuig an ábhar ina iomláine. Nuair a chláraíonn tú le fotha gréasáin áirithe trí léitheoir fotha RSS a úsáid, faigheann tú achoimre ar an ábhar nua ón suíomh gréasáin sin. Tá sé an-simplí fotha RSS Google News a shuiteáil ach cuireann cuid mhaith suíomhanna gréasáin sóisialta/nuachta fotha nuachta ar fáil.
Líonra pearsanta foghlama (PLN)
Bíonn idir acmhainní daonna (saineolaithe, comhghleacaithe, piaraí) agus acmhainní ábhartha (suíomhanna gréasáin, doiciméid, déantáin, uirlisí) i gceist le líonra pearsanta foghlama. Is féidir PLM a thógáil ar ardán ar bith (mar shampla, Twitter, Facebook nó WordPress) a fhad agus a chuireann sé deiseanna ar fáil d’fhoghlaimeoirí teagmháil a dhéanamh le daoine eile agus naisc d’acmhainní a chur chuig a chéile. D’fhéadfaí úsáid a bhaint as blag ranga nó as suíomh sóisialta chun PLE a thógáil do mhic léinn ach toisc gur scagairí eolais ar feadh an tsaoil a bheidh sna hardáin seo, ‘it is important that they are broad and diverse enough to ensure students don’t become trapped in narrow echo chambers’ Dudeney, Hockly and Pegrum (2014: 25).
Bíonn timpeallachtaí iontaofa, ar nós PNLnna ina scagairí eolais, ina dtimpeallachtaí foghlama agus ina n-ardán do chomhoibriú agus don scaipeadh eolais.
Naisc úsáideacha
- Fothaí nuachta RSS Google News a úsáid
- Facebook – An chaoi a n-oibríonn an fotha nuachta
- Fothaí nuachta de chuid an BBC
- Creating and Nurturing your Personal Learning Network #PLN, cur i láthair de chuid Radford University
Gníomhaíochtaí don seomra ranga
An chumarsáid idirchultúrtha Cultúir éagsúla a chur i gcomparáid lena chéile agus a fháil amach an cainteoirí idirchultúrtha muid?
Inniúlacht san fhaisnéis a mheas: Cuardaímis!
Céard é an chéad chéim eile?
Foinse: Digilanguages. Údar: Alexandre Jacquot
Additional Content
Additional tips for teachers
Liens utiles
- RSS – Syndication de contenu, Comment Ca Marche
- Construire son réseau personnel d’apprentissage, Thot Cursus$
- Réseau Personnel d’Apprentissage ? (PLN), E-Pedagogie, web2.0
Nützliche Websites:
- Das deutsche RSS-Verzeichnis
- Ein interessanter Blogbeitrag auf Shift
Per aggiungere altre voci e materiale in italiano
Da leggere:
- Un breve post su Punto informatico che riprende una raccomandazione di Umberto Eco sull’importanza di filtrare le informazioni che troviamo online. La discussione nei commenti può essere interessante
- Il blog di Serena Turri riprende la posizione di Umberto Eco in questo post
- Un post di StartUpItalia sui diversi modi che gli insegnanti possono utilizzare per creare una propria rete di apprendimento