Remix/Recreate
Greannáin a chruthú sa sprioctheanga

Úsáidtear greannáin go forleathan i réimse an oideachais chun foghlaimeoirí a chur ag léamh scéalta a chum daoine eile agus iad a chur ar scríobh a gcuid scéalta féin. Ar nós gníomhaíochtaí eile scéalaíochta, nuair a dhéanann an mac léinn greannáin a léamh agus a chruthú, cabhraíonn sé leis scileanna cognaíocha, scileanna cumarsáide, scileanna bainte brí, scileanna scríbhneoireachta agus scileanna léitheoireachta a fhorbairt agus cuireann sé cruthaitheacht chun cinn (Chun 2009; Derrick 2008).  Déanann McCloud cur síos ar ghreannáin, meán a bhfuil an-tóir air, mar: “juxtaposed pictorial and other images in deliberate sequence, intended to convey information and/or produce an aesthetic response in the viewer” (1993:9).

Is iomaí acmhainn atá ar fáil saor in aisce ar líne ar féidir le mic léinn iad a úsáid chun greannáin idirlíonbhunaithe nó greannáin ghréasáin idirghníomhacha phearsantaithe a chruthú.  Uirlis amháin is féidir le mic léinn a úsáid chun tabhairt faoi ghníomhaíocht spreagúil scéalaíochta sa sprioctheanga is ea Comic Master (fig. 1).  Is féidir gníomhaíochtaí a bhaineann le greannáin ghréasáin a dhéanamh go héasca laistigh agus lasmuigh den seomra ranga.

Áirítear ar na buntáistí a bhaineann le greannáin ghréasáin a úsáid sa próiseas sealbhaithe teanga go mbíonn meadú ar rannpháirtíocht na mac léinn, gur gníomhaíocht chruthaitheach spraíúil í, go ndírítear ar spriocanna a bhaint amach, go gcuirtear comhoibriú chun cinn agus go spreagtar féinmhachnamh agus an smaointeoireacht chriticiúil (Di Blas, Paolini, & Sabiescu, 2010).

comicmaster

Fig 1: Comic Master

 

 

Ar chríochnú an taisc seo, beidh mic léinn in ann:

  • téacsanna a scríobh a fhreagraíonn don leibhéal CEFR ag a bhfuil siad.
  • an t-ábhar a roghnaíonn siad a chur in eagar, anailís a dhéanamh air agus machnamh a dhéanamh air
  • comhoibriú a dhéanamh ar il-inniúlacht, ag díriú ar ghrafaicí agus ar théacsanna a úsáid chun scéal a insint

 

Modh oibre

Is feidhmchlár gréasáin saor in aisce é Comic Master is féidir le do mhic léinn a úsaid chun greannáin a chruthú go héasca ar líne.

  1. Oscail http://www.comicmaster.org.uk/
  2. Ní mór do mhic léinn clárú le go mbeidh siad in ann a gcuid oibre a shábháil.
  3. Lean na treoracha ar líne a thabharfaidh eolas duit maidir le greannán a chruthú ar líne nó féach ar an bhfíseán thíos.
  4. Sábháil an obair go minic (deilbhín diosca).
  5. Priontáil le Adobe PDF chun comhad PDF a chruthú.

 

  • Tabhair faoi d’aire: is féidir an feidhmchlár seo a úsáid gan clárú freisin.
  • Treoir:

Gníomhaíochtaí eile

Is iomaí cineál gníomhaíochta is féidir a fhorbairt don rang teanga, mar shampla, d’fhéadfadh teagascóirí díriú ar phointí gramadaí nó ar an litearthacht, plé a dhéanamh ar phlota a fhorbairt sa sprioctheanga nó ar charachtair agus fo-phlotaí eile a thabhairt isteach. Nuair atá smaointe ag na mic léinn agus an téacs scríofa acu, d’fhéadfadh teagascóirí ligint dóibh bheith ag oibriú ar na greannáin lasmuigh den seomra ranga.

Feidhmeanna

  • Roghnaigh leagan amach an leathanaigh trí phainéil de mhéideanna éagsúla a roghnú
  • Tá rogha sé chúlra dhifriúla ann.
  • Carachtair éagsúla (geáitsí éagsúla)
  • Réimse de bholgáin chainte
  • Earraí éagsúla
  • Feidhm “tarraing agus scaoil”
  • Éasca obair a shábháil, a lódáil agus a phriontáil
  • Seinnteoir ceoil ionsuite

 

Moltaí don mheasúnú

Tionscadal, greannán a chur i láthair: cur i láthair a dhéanamh ag oibriú i ngrúpaí beaga de bheirt/triúr nó astu féin ar an ngreannán a chruthaigh siad. D’fhéadfaí na greannáin a bhunú ar ábhair ar leith a pléadh sa rang teanga.

Leabharliosta

Cary, S. (2004). Going graphic: Comics at work in the multilingual classroom. Portsmouth, NH: Heinemann.

Chun, C. W. (2009). Critical Literacies and Graphic Novels for English‐Language Learners: Teaching Maus. Journal of Adolescent & Adult Literacy, 53(2), 144-153.

Derrick, J. (2008). Using comics with ESL/EFL students. The Internet TESL Journal, 14(7).

Di Blas, N., Paolini, P., & Sabiescu, A. G. (2012). Collective digital storytelling at school: a whole-class interaction. International Journal of Arts and Technology, 5(2-4), 271-292.

Jacobs, D. (2007). More than words: Comics as a means of teaching multiple literacies. English Journal, 19-25.

McCloud, S. (1993). Understanding comics: The invisible art. Northampton, Mass.

Mirabile, V.,  Morato, A., Sanna, T. & Di Paolo, F. (2015). L’ITALIANO TRA LE NUVOLE GLI STRUMENTI DEL WEB 2.0 PER CORSI IN CONTESTO LS. Bollettino Itals, 13(59).

Thorne, S. L., Black, R. W., & Sykes, J. M. (2009). Second language use, socialization, and learning in Internet interest communities and online gaming. The Modern Language Journal, 93(s1), 802-821.

Williams, R. M. C. (2008). Image, text, and story: Comics and graphic novels in the classroom. Art Education, 61(6), 13-19.

 

 

 

Foinse: DigiLanguages        Údar:   Silvia Benini

 


11 sites pour créer des bds en ligne

Créer des bds en ligne

Pixton a même une version française.

Pixton

Ici vous allez trouver un clip video pour vous expliquer comment créer une bd avec ToonDoo

ToonDoo

Creare fumetti in italiano è un’attività estremamente stimolante non solo per gli studenti ma anche per gli insegnanti.

Nella pagina almaedizioni italiano con i fumetti troverete bellissimi esempi di storie a fumetti da leggere ed ascoltare. Per ognuna delle storie presentate, è disponibile una versione animata on-line arricchita da musiche, effetti sonori e voci di attori professionisti. Perdetevi in questi fumetti, saranno un’ottima fonte d’ispirazione per la creazione dei vostri con comicmaster.

Author: Silvia Benini