Caitríona Ní Chasaide

Caitriona NiChasaide, Lecturer in French and Irish

Ball Foirne den Phacáiste Oibre

Institiúid Teicneolaíochta Luimnigh

 

Is léachtóir í Caitríona in LIT Tiobraid Árann, áit a bhfuil sí ag oibriú mar léachtóir agus ag plé le cúrsaí a fhorbairt ó 1999 i leith. Bhain sí BA sa Ghaeilge agus sa Fhraincis amach ó UCD, agus Maitrîse ès Lettres Modernes in Université Rennes 2, Haute Bretagne. Rinne sí iniúchadh ar an tsochtheangeolaíocht agus an Fhraincis agus an Ghaeilge a shealbhú leis an gcéim PhD a rinne sí. Maidir le cúrsaí taighde, is suim léi an tumoideachas, foghlaim teanga i gcomhthéacs an staidéir thar sáile, sochtheangeolaíocht comhthéacsanna ilteangacha agus IT a chuimsiú le foghlaim teanga. Is iarbhall coiste í Caitríona den AFLS, AFA, ALFIT agus ACSI.

Cuir rphost chuig Caitríona