Game
Kahoot a úsáid chun mic léinn na chéad bhliana a spreagadh agus a mhealladh

Bíonn deacracht ag múinteoirí ag an tríú leibhéal mic léinn na chéad bhliana a spreagadh le cur leis an rang uaireanta.  Molaimid Kahoot a úsáid chun cabhrú leis an múinteoir tús a chur le rang, tuiscint na mac léinn a chinntiú agus súil siar a dhéanamh ionas gur féidir dul chun cinn an ranga a mheas agus chun rannpháirtíocht a chur chun cinn.  Feictear dúinne go mbaineann mic léinn taitneamh as an ngníomhaíocht seo agus go spreagann sí iad.

An teicneolaíocht a bheas de dhíth:    An t-idirlíon, osteilgeoir, ríomhaire, gutháin chliste nó ríomhairí do na mic léinn

Beidh tuiscint níos doimhne ag múinteoirí tríú leibhéal ar an gcaoi ar féidir leo an aip Kahoot a úsáid chun mic léinn na chéad bhliana a mhealladh agus a spreagadh sna ranganna a bhíonn acu.

Modh Oibre

    • Taispeánann an treoir d’úsáideoirí user guide nó an físeán seo https://youtu.be/oxlFTIxwznY cén chaoi sraith ceisteanna a chur le chéile
  1. Ar dtús, cruthaigh sraith ceisteanna a bhaineann leis an ábhar a bheas idir lámha agat sa rang.  Mar shampla, má bhaineann an ceacht leis an timpeallacht, b’fhéidir go ndéanfá scrúdú ar an stór focal agus ar eolas ginearálta a bhaineann leis an topaic.
  2. Cláraigh ar getkahoot.com chun cuntas a fháil.
    • Public Kahoots is ea sraitheanna ceisteanna a rinne úsáideoirí eile is féidir a chóipeáil agus a chur in oiriúint d’ábhar an cheachta a mhúinfidh tú.  Is féidir scagadh a dhéanamh ar an réimse leathan de shraitheanna ceisteanna de réir eochairfhocail, teanga nó cé air a mbeidh sé dírithe.  Ba chóir iad a sheiceáil go cúramach chun a chinntiú nach bhfuil aon bhotún iontu.
  3. Iarr ar na daltaí dul chuig kahoot.it ar a bhfóin phóca, taibléid nó ríomhairí. Logáil isteach i do chuntas agus lainseáil an tsraith cheisteanna a d’ullmhaigh tú. Cinntigh go bhfuil do ríomhaire ceangailte le hosteilgeoir. Taispeánfaidh an suíomh gréasáin cód ar féidir leis na daltaí é a chur isteach. Ní mór dóibh leasainm a chur isteach.
  4. Freagair na ceisteanna. Beidh na ceisteanna le feiceáil ar an scáileán atá agatsa agus beidh na roghanna le feiceáil ar ghléasanna na ndaltaí. Comórtas is ea é, bíonn an bua ag an duine is túisce a thugann an freagra ceart ar an gceist. Taispeánfar na scóir tar éis gach babhta.
  5. Is féidir an uirlis seo a úsáid chun tuiscint ar ábhar a sheiceáil le linn an ranga agus chun súil siar a dhéanamh ar ábhar a rinneadh cheana.

Foinse: DigiLanguages Údar: Emma Riordan