Writing
Blag a úsáid chun teanga a theagasc

Cén fáth a n-úsáidfí blaganna mar chuid de chúrsa?

Is iomaí cúis a n-úsáidtear blaganna le mic léinn.  Cuidíonn siad le mic léinn agus le múinteoirí a bheith i dteagmháil lena chéile lasmuigh den seomra ranga agus is féidir iad a úsáid chun gníomhaíochtaí éagsúla agus tarraingteacha a chur ar bun. D’fhéadfadh blaganna mic léinn a thabhairt le chéile agus muintearas a chothú ina measc.

Sa ghníomhaíocht seo, feicfidh tú cén chaoi ar féidir leat blagáil a úsáid mar chuid den churaclam atá agat agus cén chaoi a gcuireann sí leis an bhfoghlaim.

 

Céard is blag ann?

https://youtu.be/oDxg5ODEXEQ

 

 

An teicneolaíocht a bheas de dhíth:    

  • Ríomhaire/PC/ríomhaire glúine, nasc idirlín

 

Cur síos/Torthaí Foghlama

Foghlaimeoidh tú cén chaoi blagáil a úsáid chun teanga a mhúineadh

 

Modh Oibre

Tá suíomhanna gréasáin éagsúla is féidir a úsáid chun blag a chruthú saor in aisce (mar shampla, Blogger nó WordPress).

  • Roghnaigh suíomh gréasáin
  • Cláraigh le suíomh gréasáin go mbeidh tú in ann blag a oscailt
  • Breathnaigh ar fheidhmeanna éagsúla an bhlaig agus socraigh céard iad na huirlisí atá ann a chuirfidh le do chuid múinteoireachta
  • Breathnaigh ar bhlaganna oideachasúla eile (céard a oibríonn/nach n-oibríonn?)
  • Tabhair ainm ar do bhlag
  • Roghnaigh leagan amach/téama a bhaineann le hábhar an chúrsa
  • Beartaigh cén chaoi a n-úsáidfidh tú an blag mar chuid den siollabas (déan do mhachnamh ar chúinsí oideolaíocha agus déan do rogha bunaithe ar na cúinsí sin)
  • Cruthaigh na gníomhaíochtaí/tascanna
  • Iarr ar na mic léinn an blag a úsáid – cuimhnigh nach mór ceacht a phleanáil a mhíníonn cén chaoi ar chóir an blag a úsáid agus chun rialacha a leagan síos

 

Tá blaganna úsáideach don mhúinteoireacht toisc go gcuireann siad plé agus comhoibriú chun cinn agus tugtar spreagadh do mhic léinn a bheith gníomhach i ngníomhaíochtaí foghlama.  Seo a leanas samplaí den úsáid is féidir a bhaint as blaganna:

  • Smaointe i dtaca le hábhar ar leith a roinnt
  • Tascanna agus acmhainní eile a fhoilsiú
  • Tascanna cleachta a fhoilsiú
  • Is féidir le mic léinn an blag a úsáid agus iad ag oibriú astu féin ar ghníomhaíochtaí ranga sa bhaile nó go deimhin, le linn an ranga agus iad ag tabhairt faoi thascanna aonair/grúpa.
  • Is féidir an blag a úsáid chun plé a chur ar bun agus smaointe a roinnt maidir le hobair bhaile nó acmhainní/ábhair don staidéar.
  • Is féidir an blag a úsáid chun cleachtadh a dhéanamh ar an sprioctheanga le piaraí
  • Is féidir measúnú a bhunú ar gníomhaíochtaí blaig nó ar rannpháirtíocht

Cuimhnigh gur chóir pleanáil a dhéanamh ar an mblag sula dtosaíonn an téarma: Bíonn am agus an-chuid eagrúcháin i gceist leis an mblagáil a úsáid mar chuid den churaclam.

Cuimhnigh gur chóir treoir a thabhairt do na mic léinn maidir leis an mblag a úsáid; cruthaigh RIALACHA iompair.

 

Be aware of the specific characteristics of writing for the web:

  • use plain language
  • make a visual impression
  • make a clear structure for you contents
  • keep content short
  • use hypertext features (Hypertext Literacy, what is it?)

________________________________________________

CPD reference material

 

Foinse: DigiLanguages Údar: Valentina Rizzo


Pourquoi utiliser un blog, l’aspect juridique et des exemples d’utilisation possibles:

http://www.cndp.fr/crdp-dijon/Utiliser-le-blog-comme-un-outil.html

http://cours.ifmadrid.com/prof/le_blog.htm

http://www.profweb.ca/publications/dossiers/bloguer-pour-enseigner-et-apprendre

Tá liosta de na blaganna Gaeilge agus de na blagálaithe Gaeilge is bisiúla le fáil ag an nasc seo: Indigenousblogs.com (Gaeilge).

Osservazioni interessanti sull’uso del Blog nella didattica si possono trovare qui:

L’uso del blog nella didattica dell’italiano: l’esempio di Adgblog

 

Esempio di Blog didattico:

Didattica 2.0

 

En este artículo puedes encontrar 10 ideas sencillas para utilizar los blogs en clase.