Information
Forléargas ar na Meáin Shóisialta

Is iomaí dúshlán a bhíonn roimh mhic léinn agus iad ag dul i dtaithí ar thimpeallachtaí foghlamtha teanga ar an tríú leibhéal. Ar na dúshláin sin bíonn an t-ullmhúchán a dhéantar roimh an tréimhse a chaitear thar lear agus inniúlacht dhigiteach a fhorbairt sa sprioctheanga.  Ní hionann a bheith in ann an teicneolaíocht a úsáid agus an teicneolaíocht a úsáid go mbainfidh tú an tairbhe is mó is féidir aisti. D’fhéadfadh go mbeadh deacrachtaí ag an mac léinn atá in ann suímh shóisialta a úsáid sa teanga dhúchais agus é ag iarraidh inniúlachtaí digiteacha a úsáid i gcomhthéacs idirchultúrtha.

Bíonn sé dúshlánach d’fhoghlaimeoirí teanga a bheith inniúil go digiteach i gcomhthéacsanna idirchultúrtha.  Dúshlán a bhíonn roimh an mac léinn agus é ag dul i dtaithí ar thimpeallachtaí foghlamtha teanga ar an tríú leibhéal is ea bainistiú a dhéanamh ar an timpeallacht ar líne agus tuiscint a fháil uirthi. Anuas air sin, ní mór dó inniúlacht san idirchultúrachas, scileanna foghlama féintreoraithe agus scileanna foghlama ar feadh an tsaoil a fhorbairt.

Tugann an roinn seo ar mhic léinn machnamh a dhéanamh ar an úsáid is féidir a bhaint as na meáin shóisialta don fhoghlaim teanga agus an chaoi a gcuireann an teicneolaíocht isteach ar an bhfoghlaim a dhéanann mic léinn tríú leibhéil.  Tugtar spléachadh ar líonraí pearsanta foghlama (PLN) agus timpeallachtaí pearsanta foghlama (PLE) don fhoghlaim teanga.

Cliceáil ar an roghchlár rianta chun an pána nascleanúna a oscailt agus chun catagóirí eile a bhaineann leis an téama seo a fheiceáil.

Click the breadcrumb menu