Information
Forléargas ar na Meáin Shóisialta

Tá an tuiscint ann go bhfuil mic léinn atá ag dul isteach san oideachas tríú leibhéil agus mic léinn atá ag ullmhú don tréimhse thar lear inniúil go digiteach.  Ní hionann a bheith in ann an teicneolaíocht a úsáid agus an teicneolaíocht a úsáid go mbainfidh tú an tairbhe is mó is féidir aisti. D’fhéadfadh nach mbeadh an mac léinn atá in ann suímh shóisialta a úsáid sa teanga dhúchais sách inniúil sa teicneolaíocht go mbeadh sé in ann inniúlachtaí digiteacha a thuicint i gcomhthéacs idirchultúrtha.

 

Tugann an roinn seo ar mhic léinn machnamh a dhéanamh ar an úsáid is féidir a bhaint as na meáin shóisialta don fhoghlaim teanga agus an chaoi a gcuireann an teicneolaíocht isteach ar an bhfoghlaim a dhéanann mic léinn tríú leibhéil.  Tugtar spléachadh ar líonraí pearsanta foghlama (PLN) agus timpeallachtaí pearsanta foghlama (PLE) don teagasc teanga agus don fhoghlaim teanga.

 

Bíonn an deis ann san oideachas inniúltachtaí digiteacha an mhic léinn atá in ann an teicneolaíocht a úsáid a chur le taithí an teagascóra a thuigeann cén chaoi an teicneolaíocht a úsáid chun an tairbhe is mó is feidir a bhaint as agus samhail dhinimiciúil, inbhuanaithe foghlama agus teagaisc a chruthú.

 

Mar is eolas duit, i gcomhthéacs na foghlama teanga, bíonn dúshlán ann d’fhoghlaimeoirí teanga agus do theagascóirí a bheith inniúil go digiteach i gcomhthéacsanna idirchultúrtha.  Dúshlán a bhíonn roimh an mac léinn agus é ag dul i dtaithí ar thimpeallachtaí foghlamtha teanga ar an tríú leibhéal is ea bainistiú a dhéanamh ar an timpeallacht ar líne agus tuiscint a fháil uirthi. Anuas air sin, ní mór inniúlacht san idirchultúrachas, scileanna foghlama féintreoraithe agus scileanna foghlama ar feadh an tsaoil a fhorbairt.

 

Tugann an roinn seo eolas faoi bhealaí praiticiúla is féidir le teagascóirí scafláil a dhéanamh ar inniúlachtaí digiteacha i dtimpeallachtaí foghlama teanga agus na ceithre scil a bhaineann le teanga, léamh, scríobh, labhairt agus éisteacht a chur chun cinn.

 

Tugann an tábla seo liosta de na topaicí a bhaineann leis an téama Athruithe agus Comhthéacsanna duit. Chun tuilleadh eolais a fháil ar chatagóir ar leith agus chun forléargas a fháil ar na gníomhaíochtaí atá ar fáil i do sprioctheanga, cliceáil ar an nasc cuí.