Information
Forléargas ar an sprioctheanga a úsáid

Bíonn taithí foghlamtha teanga na dteagascóirí a oibríonn in ollscoileanna na hÉireann an-éagsúil ón taithí a bhíonn ag na mic léinn ina gcuid ranganna. Bíonn tuiscint na dteagascóirí ar an gcaoi ar chóir rang teanga a leagan amach éagsúil leis an tuiscint a bhíonn ag na mic léinn, go háirithe i dtaca le húsáid na sprioctheanga.

Tugann staidéar amháin (Riordan 2015) le fios go molann córas oideachais na hÉireann an sprioctheanga amháin a úsáid i ranganna teanga ag leibhéal iarbhunscoile. Mar sin féin, ní hionann polasaí agus cleachtas, agus fuarthas amach gur úsáid múinteoirí an sprioctheanga níos lú ná leath an ama, agus i ranganna áirithe nár úsáid an múinteoir an sprioctheanga ach 20% den am.

Cuireann an roinn seo tascanna machnamhacha ar fáil do theagascóirí maidir leis an úsáid a bhaineann siad as an sprioctheanga sa seomra ranga mar aon le straitéisí éifeachtacha chun úsaid na sprioctheanga a mhéadú sa seomra ranga.  Anuas air sin, tugtar forléargas ar an taighde reatha ar an ábhar seo, maidir leis an oideachas tríú leibhéal in Éirinn.

Féach an tábla thíos chun tuilleadh eolais a fháil.

Context of useTitleRelated materials and themes
CPD activities
Overview of target language use
Activities for teachers to use with their students
Creating comics in the target language
Independent activities for students
Self-assessing your language proficiency within the CEFR framework