Information
Forléargas ar an sprioctheanga a úsáid

Ní féidir le foghlaimeoirí teanga na ceithre scil a bhaineann le teanga a fhoghlaim a fhoghlaim mura mbíonn deiseanna acu éisteacht leis an teanga agus í a labhairt.

Nuair a úsáidtear an sprioctheanga sa seomra ranga, is mó teagmháil a bhíonn ag foghlaimeoirí léi, bíonn a leithéid tábhachtach go háirithe nuair nach gcloistear an sprioctheanga lasmuigh den seomra ranga go minic.

Bíonn taithí foghlamtha teanga na dteagascóirí a oibríonn in ollscoileanna na hÉireann an-éagsúil ón taithí a bhíonn ag na mic léinn ina gcuid ranganna agus bíonn an-éagsúlacht ann maidir leis an úsáid a bhaintear as an sprioctheanga i ranganna.

D’fhéadfaí go mbainfeadh úsáid na sprioctheanga ag leibhéal an chainteora dúchais siar as mic léinn ar dtús. Cuireann an roinn seo comhairle phraiticiúil agus gníomhaíochtaí féintreoraithe ar fáil duit chun cabhrú leat feabhas a chur ar do scileanna teanga agus an úsáid a bhaineann tú as an sprioctheanga a mhéadú.

Cliceáil ar an roghchlár rianta chun an pána nascleanúna a oscailt agus chun catagóirí eile a bhaineann leis an téama seo a fheiceáil.

Click the breadcrumb menu