Information
Tacaíocht teanga ar líne d’Erasmus+

Tacaíonn an Online Linguistic Support (OLS) le foghlaim teanga na mac léinn a thugann faoin Erasmus+. Tugann an OLS deis do rannpháirtithe i ngníomhaíochtaí fadtéarmacha gluaiseachta Erasmus+ measúnú a dhéanamh ar a gcuid scileanna sa sprioctheanga. Anuas air sin, is féidir le rannpháirtithe cúrsa teanga a dhéanamh ar líne chun an inniúlacht atá acu sa teanga a fheabhsú.

Ar chríochnú an taisc seo, beidh tuiscint ag na mic léinn ar an inniúlacht teanga atá acu de réir Comhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha (CEFRL) agus iad ag tabhairt faoi shocrúchán i dtír na sprioctheanga. D’fhéadfaí go roghnófaí iad chun cúrsa teanga a dhéanamh ar líne chun feabhas a chur ar a gcuid scileanna teanga.

Naisc:         http://erasmusplusols.eu/

Déanann an tacaíocht teangeolaíoch d’Erasmus+ inniúlacht teanga na mac léinn a mheas sula dtéann siad thar lear. Is cuid riachtanach den chlár Erasmus é. Déanann mic léinn measúnú ar an inniúlacht teanga atá acu tar éis dóibh bheith thar lear chomh maith.

 

Modh oibre

  • Nuair a chláraíonn tú don chlár Erasmus, cuirfear scéala chugat nach mór duit measúnú inniúlachta a dhéanamh.
  • Gheobhaidh tú sonraí don logáil isteach agus iarrfar ort an measúnú a dhéanamh ar líne.
  • Iarrfar ort an measúnú a dhéanamh arís nuair a fhillfidh tú ón tréimhse thar lear, chun an dul chun cinn a rinne tú a mheas.

 

Nóta:

Tá an-éagsúlacht ann sna hinstitiúidí tríú leibhéil maidir leis an gclár Erasmus a chreidiúnú. Glacann institiúidí áirithe le creidmheasanna ECTS a bhronnann an óst-ollscoil amháin mar chruthúnas ar an bhfoghlaim a rinne tú agus tú thar lear.

Sa chás go mbíonn ar mhic léinn tionscadal nó tascanna machnaimh a dhéanamh, d’fhéadfadh torthaí an mheasúnaithe teanga ar líne a bheith mar chuid den phunann foghlamtha teanga.

 

 

 

Foinse:  DigiLanguages        Údar:  Emma Riordan


La versione Italiana dell’ “Online Linguistic Support” (OLS) Erasmus + OLS It aiuterà i partecipanti dell’Erasmus+ a migliorare la loro conoscenza della lingua Italiana, prima e durante il loro soggiorno nel paese ospitante.

Questa piattaforma offre la possibilità di:

  1. effettuare un test di valutazione delle competenze linguistiche.
  2. partecipare ad un corso di lingua Italiana secondo le necessità linguistiche dello studente durante il periodo di mobilità.
  3. effettuare un test di verifica al rientro dal periodo di mobilità.

Per ulteriori informazioni sui test di valutazione e corsi di lingua consultate l’OLS Youtube Channel

Un ulteriore supporto linguistico mirato alla revisione della grammatica Italiana, è fornito dalla Loescher attraverso le schede grammaticali Loescher . Queste schede, divise per temi, offrono accurate spiegazioni grammaticali ed esercizi relativi.

Istruzioni 

  • Clicca su questo link schede grammaticali Loescher per accedere all’archivio grammaticale Loescher.
  • Seleziona la scheda desiderata.
  • Leggi e rifletti sulla spiegazione grammaticale presentata e completa i relativi esercizi.

Author: Silvia Benini