Steven Thorne

Steve Thorn

Ball den Phainéal Idirnáisiúnta

Portland State University (SAM)

 

 

 

Is Ollamh Comhlach i Sealbhu an Dara Teanga é Steven Thorne (Ph.D. in Language, Literacy and Culture, UC Berkeley) i Roinn na dTeangacha agus na Litríochtaí Domhanda in Portland State University (SAM) a bhfuil ceapachán tánaisteach aige i Roinn na Teangeolaíochta Feidhmí in University of Groningen (An Ísiltír). Díríonn an taighde a dhéanann sé ar chuir chuige don fhorbairt teanga atá bunaithe ar chultúr/stair agus a bhunaítear ar úsáid teanga, agus go minic bíonn béim ar leith curtha ar an idirghníomhaíocht daonna i gcomhthéacsanna teicneolaíochta sna cuir chuige sin. Foilsíodh taighde leis in The Modern Language Journal, Language Learning & Technology, Annual Review of Applied Linguistics, CALICO Journal, Language Teaching, Brain & Cognition, ReCALL, Intelligence, agus i mbailiúcháin eile nach iad. Rinne sé comheagarthóireacht ar an leabhar Internet-mediated Intercultural Foreign Language Education (Thomson/Heinle, 2006) agus bhí sé ina chomhúdar ar Sociocultural Theory and the Genesis of Second Language Development (Oxford University Press, 2006).