Nicky Hockly

Nicky Hockley

Ball den Phainéal Idirnáisiúnta

The Consultants-E

 

 

Is í Nicky Hockly Stiúrthóir na hOideolaíochta ag The Consultants-E (www.theconsultants-e.com), eagraíocht mor le rá i réimse na hoiliúna agus na forbartha ar líne. Tá sí ag oibriú i réimse mhúinteoireacht an Bhéarla ó 1987 agus is

cainteoir iomlánach idirnáisiúnta í. Tugann sí ceardlanna agus cúrsaí oiliúina do mhúinteoirí ar fud an domhain. Scríobhann Nicky colúin rialta maidir leis an teicneolaíocht do mhúinteoirí san iris ETP (English Teaching Professional), agus in ELTJ (English Language Teaching Journal). Scríobh sí roinnt leabhar modheolaíochta (a bhain duaiseanna amach) maidir le teicneolaíochtaí nua sa mhúinteoireacht teanga, bhí Gavin Dudeney ina chomhúdar ar chuid mhaith acu. Is iad Digital Literacies (2013), Going Mobile (2014), agus Focus on Learning Technologies (2016) na leabhair is deireanaí díobh. Is ball den Oxford University Press ELT Expert Advisory Panel í, is sainchomhairleoir don Cambridge English Teacher platform í agus is ball den NILE Advisory Panel (Cambridge University Press). Cónaíonn Nicky in Barcelona, bhíodh eagla uirthi roimh an teicneolaíocht tráth ach anois is bean mhór teicneolaíochta í.