Is é aidhm na gníomhaíochta seo feasacht a chothú ar an úsáid a bhainimid as an teicneolaíocht agus ar an gcaoi a dtéann sí i bhfeidhm orainn. Úsáidtear na téarmaí cuairteoir idirlín agus cónaitheoir idirlín chun cur síos a dhéanamh ar an úsáid a bhainimid as an idirlíon.
Féach an físeán seo chun tuilleadh eolais a fháil:
Ar chríochnú an taisc seo duit:
- beidh tú feasach ar an méid ama a chaitheann tú ar líne
- beidh a fhios agat cé acu an cuairteoir idirlín nó cónaitheoir idirlín atá ionat
- beidh tú in ann an úsáid a bhaineann tú as an teicneolaíocht a phleanáil
Cuid 1 Cúlra
- Fiafraigh de na mic léinn cén tuiscint atá acu ar na téarmaí cuairteoir idirlín agus cónaitheoir idirlín. D’fhéadfaí an plé seo a dhéanamh ar fhóram plé ar líne nó d’fhéadfaí uirlis tobsmaointeoireachta a úsáid, ar nós Padlet.
- Fiafraigh de na mic léinn cé acu, cuairteoir digiteach nó cónaitheoir digiteach atá iontu maidir leis na huirlisí seo a leanas:
- Ríomhphost
- Whats app
- Snapchat
- Google Scholar, Google Search agus innill chuardaigh eile
- Baincéireacht
- Timpeallacht Fhíorúil Foghlama
- Siopadóireacht ar líne
- YouTube
- Tumbler
- Vine
- Fiafraigh de na mic léinn an bhfuil aon uirlisí eile ann a úsáideann siad go minic nach bhfuil ar an liosta.
- Pléigí cé acu uirlisí a chabhraíonn leis na mic léinn staidéar a dhéanamh agus cé acu a chuireann isteach ar an staidéar.
- Is féidir leis na mic léinn MindMeister a úsáid chun na huirlisí a rangú.
- Seo a leanas físeán gearr maidir leis an uirlis mhapála a úsáid:
Tabhair faoi d’aire: D’fhéadfaí go mbeadh sé úsáideach dath nó cruth ar leith a chur ar na huirlisí atá úsáideach don fhoghlaim teanga nó ar na cinn a chuireann isteach ar an staidéar.
- DIGITAL – LEARNING – CULTURE, tuairimí David White
Cuid 2 – Teicneolaíochtaí soghluaiste
Pléitear teicneolaíochtaí soghluaiste sa chuid seo agus an chaoi a dtéann siad i bhfeidhm ar an bhfoghlaim teanga.
Modh oibre
- Iarr ar na mic léinn machnamh a dhéanamh ar an méid ama a chaitheann siad ag úsáid a bhfóin phóca. Úsáid uirlis tobsmaointeoireachta, mar shampla Padlet,chun eolas i dtaca leis na gnéithe seo a leanas a bhailiú:
- Cé mhéad uair a chaitheann tú ag úsáid d’fhóin phóca gach lá?
- Cé mhéad uair a chaitheann tú ar na suímh shóisialta (Twitter, Facebook, Snapchat, srl)
- Cé mhéad uair a chaitheann tú ag labhairt ar an bhfón nó ag cur teachtaireachtaí téacs?
- Cé na feidhmchláir nó aipeanna eile a úsáidtear?
- Molann an teagascóir do na mic léinn aip a dhéanann taifead ar an úsáid a bhaineann siad as na haipeanna éagsúla a íoslódáil agus go bpéifear na sonraí sa chéad rang eile.
- Úsáideoirí Android: Quality time: Managing your digital diet
- Úsáideoirí iOS: https://www.rescuetime.com/
- Sa chéad rang eile, pléigí na torthaí i ngrúpaí nó mar rang.
- Cé na haipeanna is mó a úsáidtear?
- An gcabhraíonn na haipeanna seo leis an staidéar nó an gcuireann siad isteach ar an bhfoghlaim.
- Déan comparaid idir an méid ama a chaitheann na mic léinn ag plé le fón póca agus an meastachán a rinne siad ag an tús. An bhfuil difríocht ar bith ann?
An Chéad Chéim eile
Faigh tuilleadh eolais faoin gcaoi a gcuireann an teicneolaíocht isteach ar an staidéar agus ar an gcaoi a gcabhraíonn sí leis.