Tugann an suíomh gréasáin seo deis do mhic léinn taifead a dhéanamh ar na freagairtí a thugann siad ar ghníomhaíochtaí bunaithe ar fhíseáin. Is féidir leo na freagairtí a phleanáil nó iad a thabhairt as a seasamh. Moltar do theagascóirí a n-ábhar féin a fhorbairt agus é a uaslódáil chuig an suíomh gréasáin. Is féidir leo obair a thabhairt do na mic léinn le déanamh sa bhaile. Is féidir le teagascóirí aiseolas a thabhairt do mhic léinn i scríbhinn nó i bhfoirm closamhairc.
- Ní mór clárú do Babelium a úsáid ach níl costas ar bith leis.
https://moodle.org/plugins/assignsubmission_babelium
Ar chríochnú na gníomhaíochta seo, beidh mic léinn in ann:
- páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí éisteachta agus labhartha sa sprioctheanga
- ábhar a mheas, aiseolas a thabhairt do mhic léinn eile ar ghníomhaíochtaí a rinne siad ina dteanga dhúchais.
Modh oibre
- Cláraigh don suíomh gréasáin Babelium.
- Gheobhaidh tú ríomhphost clárúcháin, ní mór duit an nasc sa ríomhphost a chliceáil chun do chuntas a ghníomhachtú.
- Nuair a bheidh tú cláraithe, logáil isteach agus beidh tú in ann féachaint ar fhíseáin a bheidh feiliúnach do theanga, leibhéal agus ábhar spéise an ranga. Gabhann treoracha éagsúla maidir leis an bhfreagairt atá ag teastáil le gach físeán.
- Chun taifead a dhéanamh ar fhreagairt, brúigh ar an gcnaipe taifeadta agus labhair nuair a iarrtar ort é. Fan go gcríochnaíonn tú an taifead agus cliceáil ar ‘sábháil’ ansin.
- Is féidir leat breathnú ar do chuid freagairtí agus ar na ceartúcháin faoi ‘My activity’.
- Is féidir athbhreithniú a dhéanamh ar fhíseán a rinne daoine eile i do theanga dhúchais.
Moltaí don mheasúnú
Déanfaidh cainteoir dúchais athbhreithniú ar na freagairtí a thug tú. Ba chóir duit suntas a thabhairt do mholtaí nó do cheartúcháin a thugann an t-athbhreithneoir.
Céard é an chéad chéim eile?
Is féidir leat athbhreithniú a dhéanamh ar fhreagairtí a thug foghlaimeoirí eile ar fhíseáin i do theanga dhúchais. Is maith an taithí é do do fheasacht teanga, go háirithe má tá rún agat bheith i do theagascóir teanga lá eigin. D’fhéadfá ábhar a chruthú don suíomh gréasáin i do theanga dhúchais.