Viewing
Aistriúchán closamhairc chun scileanna tuisceana éisteachta/féachana a fheabhsú

Úsáideann teagascóirí teanga ábhar closamhairc i ranganna teanga go mion minic toisc go gcuireann sé le héagsúlacht an ranga, tugann sé spléachadh ar ghnéithe neamhbhriathartha den chultúr do na mic léinn agus, thar aon ní eile, tugann sé léargas ar ghnéithe teangeolaíocha agus ar ghnéithe cultúrtha den chumarsáid i gcomhthéacs. Mar sin féin, ní mór do mhúinteoirí tascanna gníomhacha a théann i bhfeidhm ar na foghlaimeoirí a aimsiú ionas nach ndéantar féachaint éighníomhach.

Modh amháin chun leas éifeachtach a bhaint as ábhar closamhairc is ea tascanna aistriúcháin chlosamhairc a dhéanamh. Ar na tascanna a d’fhéadfaí a úsáid tá athghuthú (dubáil, cur síos fuaime, reacaireacht, guthú) nó teidealú (fotheidealú) a dhéanamh ar ghearrthóg físe (radharc scannáin, clár faisnéise, tuairisc nuachta, gearrthóg bheochana, amhrán, srl).  FéachCéard is inniúlacht sna meáin amhairc agus sna
hilmheáin ann?
chun tuilleadh eolais a fháil.

Cuireann ClipFlair gníomhaíochtaí closamhairc ar fáil, déanann foghlaimeoirí teanga cleachtadh ar na ceithre scil:

  • scríbhneoireacht
  • labhairt
  • éisteacht agus
  • léitheoireacht

Torthaí Foghlama:

Ar chríochnú an taisc seo duit, beidh tú in ann:

  • an téarma aistriúchán closamhairc a mhíniú;
  • agus an uirlis ClipFlair a úsáid chun gníomhaíocht chlosamhairc a chruthú do do rang.

Modh oibre

  1. Léigh an dá alt seo a leanas a bhaineann le straitéisí closamhairc don fhoghlaim teanga:
  2. Féach ar an bhfíseán gearr seo a thugann forléargas ar Clipflair:

Téigh chuigwww.clipflair.net agus oscail an Activity Gallery.

Má iarrtar ort Silverlight a shuiteáil ar do ríomhaire, roghnaigh ‘Click Now to Install’ agus lean na treoracha.

Roghnaigh ‘Gallery’ ar an leathanach baile agus féach ar na gníomhaíochtaí atá ann:

clipflairx2

Is féidir leat scagadh a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí de réir teanga, cineál gníomhaíochta, leibhéil, ama, inniúlachta teanga agus araile.   Taispeánfar na gníomhaíochtaí a shásaíonn na roghanna a rinne tú.

Tiocfaidh eolas faoin ngníomhaíocht aníos ar thaobh na láimhe deise den scáileán má chliceáiltear ar ghníomhaíocht.

Cliceáil ar an deilbhín ‘PLAY’ chun féachaint ar an ngníomhaíocht.

Nóta:  Bain triail as an ngníomhaíocht a dhéanamh sula n-iarrann tú ar na mic léinn í a dhéanamh.

Moltaí don mheasúnú

Athbhreithniú piaraí: Is féidir le mic léinn gníomhaíochtaí a uaslódáil ar ghréasán sóisialta ClipFlair nuair a chríochnaíonn siad iad (cliceáil ar’Social‘ ar an leathanach baile). Is féidir le piaraí athbhreithniú a dhéanamh ar an obair ansin.

Tabhair faoi d’aire gur gá duit agus do do mhic léinn clárú chun go mbeidh teacht agaibh ar an ngréasán sóisialta. Cliceáil ar LOGIN agus ansin roghnaigh REGISTER. Ní bhfaighidh tú turscar ar bith ó ClipFlair.

Ábhar don fhorbairt ghairmiúil leanúnach

Captioning and subtitling in language learning:

  1. Go to www.clipflair.net and open the Activity Gallery. You may be prompted to install Silverlight. Select Click Now to Install, it will only take a minute.
  2. From the left-hand panel select the language combination, level, type of activity and so on, according to your requirements. The main screen will display the activities which match your selection.

  1. Téigh go dtí www.clipflair.net agus oscail an Gailearaí Gníomhaíochtaí. Seans go n-iarrfar ort Silverlight a shuiteáil ar do ríomhaire. Ní ghlacfaidh sé sin ach cúpla nóiméad
  2. Ón bpainéal ar chlé roghnaigh an teanga, leibhéal, agus cineál na gníomhaíochta atá uait.
  3. Tabhair faoi deara go bhfuil na treoracha ar fad ar shuíomh Clipflair ar fáil as Gaeilge, agus go bhfuil roinnt mhaith gníomhaíochtaí Gaeilge le fáil ann.