Reading
Anailís a dhéanamh: Scileanna léitheoireachta criticiúla a fhorbairt.

Is éard is ciall le léitheoireacht chriticiúil alt a léamh agus anailís a dhéanamh air, ceisteanna a chur faoi agus ciall a bhaint as chomh maith leis an eolas atá ann a aimsiú. Bíonn léitheoirí criticiúla ag iarraidh dearcadh an údair agus aidhm an téacs a thuiscint, ag tarraingt ar an taithí atá acu agus ar an eolas atá acu ar an gcúlra cultúrtha.

An dúshlán a bhíonn ann d’fhoghlaimeoirí teanga is ea scileanna léitheoirachta criticiúla agus scileanna teanga a fhorbairt le chéile.  Tá an léitheoireacht chriticiúil ríthábhachtach d’fhoghlaimeoirí teanga toisc go gcuidíonn sí leo dul i ngleic le téacsanna, feabhas a chur ar scileanna teanga agus feasacht chultúrtha a chothú.

An Teicneolaíocht a bheas de dhíth

Ríomhaire, idirlíon.

Torthaí Foghlama

Ar chríochnú an taisc seo duit, beidh tú in ann:

  • anailís a dhéanamh ar thréithe scríbhneoireachta
  • scríbhneoireacht fhoirmiúil agus chanúnach a aithint óna chéile
  • béasaíocht agus cruinneas comhráite ar líne a aithint agus critíc a dhéanamh ar na gnéithe sin

Modh oibre

  1. Cuardaigh alt nuachtáin a bhfuil suim agat ann ar líne.  Roghnaigh alt ar chuir léitheoirí nótaí tráchta leis.
  2. Déan comparáid idir stíl scríbhneoireachta an ailt agus stíl scríbhneoireachta na nótaí tráchta.
    • Cé na difríochtaí atá ann?
    • Cé acu is foirmiúla, agus cén chaoi a n-aithnítear foirmiúlacht?
  3. Céard é ton na nótaí tráchta:
    • an nótaí tráchta béasacha/míbhéasacha iad?
    • céard a fhágann go bhfuil nóta tráchta béasach/míbhéasach?
    • cé na rudaí atá do-ghlactha agus cén fáth?

An Chéad Chéim eile

Cuid lárnach den inniúlacht san fhaisnéis  is ea bheith in ann iontaofacht an eolais a aimsítear ar líne a mheas, cuid lárnach deninniúlacht sa chuardach  is ea bheith in ann foinsí ar líne a aimsiú agus a mheas d’fhonn bailíocht an eolais a mheas.

Tuilleadh léitheoireachta 

Foinse: Digilanguages.          Údar: Laura McLoughlin, Valentina Rizzo