Information
Inniúlachtaí digiteacha don fhoghlaim teanga: forléargas

Céard is inniúlachtaí digiteacha ann?

 

Mar fhoghlaimeoir teanga, b’fhéidir go gcuirfeá an cheist cén fáth a bhfuil sé tábhachtach go mbeifeá inniúil go digiteach agus tú ag déanamh staidéir ar chúrsaí teanga. Is teanga atá á foghlaim agat seachas ríomhaireacht ar ndóigh!

Cé gur fíor sin, ní bhaineann inniúlachtaí digiteacha le scileanna ríomhaireachta amháin. Is scileanna pearsanta agus sóisialta iad a chuireann ar do chumas ciall a bhaint as eolas, eolas a bhainistiú, a roinnt agus a chruthú i réimse leathan spásanna digiteacha agus meán cumarsáide. Mar fhoghlaimeoir teanga, beidh ort teacht ar eolas sa sprioctheanga agus an t-eolas sin a mheas. Beidh ort teagmháil a dhéanamh, cumarsáid a dhéanamh agus comhoibriú a dhéanamh le daoine a bhaineann le cúlraí éagsúla cultúrtha go sóisialta, go gairmiúil nó i réimse na hacadúlachta. Má tá tú ag tosú cúrsa ollscoile, is dóichí go mbeidh teagmháil agat leis na léachtóirí teanga sa seomra ranga agus trí ríomhphost, trí fhóram plé agus ar ndóigh, tríd an gcóras bainistithe foghlama a úsáidtear san ollscoil. Má tá tú ar tí tréimhse a chaitheamh thar lear, beidh ort a fhoghlaim cén chaoi nascleanúint a dhéanamh sna spásanna digiteacha a úsáideann muintir na tíre aíochta.

Tá tábhacht le hinniúlachtaí digiteacha…

Ní bhaineann litearhacht le léitheoireacht agus scríbhneoireacht a dhéanamh le peann agus páipéar (teicneolaíochtaí astu féin) a thuilleadh, cé gur scileanna tábhachtacha go fóill iad. Tá an chumarsáid ag éirí níos ilmheánaí (i.e. téacs a úsáid, fuaim, íomhánna, físeáin) an t-am ar fad agus ní mór a bheith inniúil go digiteach chun go n-éireoidh leat go hacadúil agus i do ghairm bheatha.

Scéal na hinniúlachta

Cén chaoi a mbaintear inniúlacht amach sa dara teanga? Céard is féidir linn a dhéanamh nuair atáimid inniúil go digiteach? Chruthaigh agus roinn mic léinn áirithe in Perdue University déantáin dhigiteacha a insíonn a scéal féin, tá ceann acu thíos. An mbeidh tú in ann a leithéid a dhéanamh tar éis tabhairt faoi na gníomhaíochtaí a mholtar ar an suíomh gréasáin seo?

 

Chun tuilleadh a fhoghlaim faoi inniúlachtaí digiteacha don fhoghlaim teanga

Tá liosta sa tábla thíos de na hinniúlachtaí digiteacha a phléitear ar an suíomh gréasáin seo. Bunaíodh na gníomhaíochtaí ar shaothar Dudeney, Hockly agus Pegrum (2013). Chun tuilleadh eolais a fháil ar inniúlacht ar leith agus chun forléargas a fháil ar na gníomhaíochtaí atá ar fáil i do sprioctheanga, cliceáil ar an nasc cuí.

 

Main focusLiteracyDefinitionLanguages
LanguagePrint LiteracyAbility to understand and create a variety of written textsEN FR IT
Texting LiteracyAbility to communicate in "textspeak" EN FR IT
Hypertext literacyAbility to process and to use hyperlinks in a digital artefactEN FR IT
Visual media and multimedia literacyAbility to interpret and create multimodal texts (i.e., using text, images, sounds, and/or video)EN ES FR GA IT
Gaming literacyAbility to navigate, interact with and achieve goals in a gaming environmentEN FR IT
Mobile literacyAbility to navigate, interpret information from, contribute information to, and communicate through the mobile internet, and to orient oneself in the space of the internet of things and augmented reality.EN FR IT
Code and technological literacyAbility to read, write, critique and modify computer code in order to create or tailor software and media channelsEN FR IT
InformationSearch literacyAbility to critically use a variety of search engines and servicesEN FR IT
Information literacyAbility to evaluate documents and artefacts and to assessing their credibilityEN FR IT
Tagging literacyAbility to interpret and create folksonomiesEN FR IT
Filtering literacyAbility to reduce information overload by using online networks as screening mechanismsEN FR IT
ConnectionsPersonal literacyAbility to use digital tools to shape and project a desired online identityEN FR IT
Network literacyAbility to connect with relevant networks to filter and obtain information, to communicate with and inform others; to identify collaborators, and to spread influenceEN FR IT
Participatory literacyAbility to interpret documents and artefacts from a range of cultural contexts, as well as interact with Ability to be 'produser' (producer-user) of digital content in the service of personal and/or collective goalsEN FR IT
Cultural and intercultural literacyAbility to interpret documents and artefacts from a range of cultural contexts, as well as interact with interlocutors across different cultural contextsEN FR IT
(re-) DesignRemix literacyAbility to create and share new meanings by sampling, modifying and/or combining pre-existing texts and artefacts, and by responding to and building on others’ remixes within digital networksEN FR IT