Is éard is ciall le léitheoireacht chriticiúil alt a léamh agus anailís a dhéanamh air, ceisteanna a chur faoi agus ciall a bhaint as chomh maith leis an eolas atá ann a aimsiú. Bíonn léitheoirí criticiúla ag iarraidh dearcadh an údair agus aidhm an téacs a thuiscint, ag tarraingt ar an taithí atá acu agus ar an eolas atá acu ar an gcúlra cultúrtha.
An dúshlán a bhíonn ann d’fhoghlaimeoirí teanga is ea scileanna léitheoirachta criticiúla agus scileanna teanga a fhorbairt le chéile. Tá an léitheoireacht chriticiúil ríthábhachtach d’fhoghlaimeoirí teanga toisc go gcuidíonn sí leo dul i ngleic le téacsanna, feabhas a chur ar scileanna teanga agus feasacht chultúrtha a chothú.
An Teicneolaíocht a bheas de dhíth
Ríomhaire, idirlíon.
Torthaí Foghlama
Ar chríochnú an taisc, beidh mic léinn in ann:
- anailís a dhéanamh ar thréithe scríbhneoireachta
- scríbhneoireacht fhoirmiúil agus chanúnach a aithint óna chéile
- béasaíocht agus cruinneas comhráite ar líne a aithint agus critíc a dhéanamh ar na gnéithe sin
Modh oibre
Aimsigh alt i nuachtán ar líne, nó cuardaigh téama sa sprioctheanga a bhfuil suim ag an rang ann.
- Roghnaigh alt ar chuir léitheoirí nótaí tráchta leis.
- Déan comparáid idir stíl scríbhneoireachta an ailt agus stíl scríbhneoireachta na nótaí tráchta. Fiafraigh de na mic léinn:
- Cé na difríochtaí atá ann?
- Cé acu is foirmiúla, agus cén chaoi a n-aithnítear foirmiúlacht?
- Céard é ton na nótaí tráchta agus fiafraigh de na daltaí:
- an nótaí tráchta béasacha/míbhéasacha iad?
- céard a fhágann go bhfuil nóta tráchta béasach/míbhéasach?
- cé na rudaí atá do-ghlactha agus cén fáth?
- Más rogha leat:: Cuir cruth eile ar na nótaí tráchta atá do-ghlactha go mbeidís inghlactha.
Inniúlachtaí digiteacha
Cuid lárnach den inniúlacht san fhaisnéis is ea bheith in ann iontaofacht an eolais a aimsítear ar líne a mheas, cuid lárnach deninniúlacht sa chuardach is ea bheith in ann foinsí ar líne a aimsiú agus a mheas d’fhonn iontaofacht an eolais a mheas.
Tuilleadh léitheoireachta
An Chéad Chéim eile Straitéisí Scríbhneoireachta: blaganna a úsáid
__________________________________
Chun tuilleadh eolais a fháil faoin léitheoireacht chriticiúil i dtimpeallacht foghlama do theanga iasachta:
Wallace, C. (2003). Critical reading in language education. New York: Palgrave MacMillan.
______________________________