Díríonn an téama Athruithe agus Comhthéacsanna ar an aistear a dhéanann tú isteach san Ardoideachas agus ar an aistear a dhéanann tú tríd i ré na teicneolaíochta. Tugann an téama seo aghaidh ar théamaí éagsúla lena n-áirítear an chumarsáid idirchultúrtha, na meáin shóisialta, cleachtadh a dhéanamh ar an sprioctheanga agus ullmhúchán don tréimhse athlonnaithe.
D’fhorbair foireann Digilanguages réimse acmhainní a chabhróidh le foghlaimeoirí tuiscint a fháil ar na scileanna a bhaineann leis na hinniúlachtaí digiteacha don fhoghlaim teanga. Is féidir leat cuid de na gníomhaíochtaí a dhéanamh asat féin.
Dírítear ar na gnéithe seo a leanas sa topaic seo:
- úsáid na n-inniúlachtaí digiteacha sa chomhthéacs sealbhaithe teanga a thuiscint
- léiriú a thabhairt ar an gcaoi a gcuireann na téamaí éagsúla, mar shampla, ‘an tréimhse athlonnaithe’, le do scileanna san inniúlacht dhigiteach agus le do scileanna teanga trí chleachtaí éisteachta, labhartha, léitheoireachta agus scríbhneoireachta a chur ar fáil.
- tacaíocht a chur ar fáil d’fhoghlaimeoirí Fraincise, Gearmáinise, Gaeilge, Iodáilise, Spáinnise agus Béarla sna gníomhaíochtaí ar fad.
Cuirtear gníomhaíochtaí ar fáil faoin téama seo a chabhróidh leat leis an athrú chuig timpeallachtaí foghlamtha teanga agus le hinniúlachtaí digiteacha, atá ríthábhachtach do chéimithe don fhoghlaim ar feadh an tsaoil, a fhoghlaim.
Is féidir leat ullmhúchán a dhéanamh don athrú ón meánscoil go hinstitiúid tríú leibhéil, do thréimhsí athlonnaithe agus don áit oibre trí na gníomhaíochtaí sa roinn seo a dhéanamh.
Is cuid lárnach d’éiteas Digilangauges an inbhuanaitheacht. Más mian leat aiseolas a thabhairt ar ghníomhaíocht ar bith nó, go deimhin, gníomhaíochtaí eile a mholadh, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le ball ar bith den fhoireann.
Chun tuilleadh foghlama a dhéanamh ar an aistriú chuig timpeallachtaí foghlamtha teanga.
Tugann an tábla seo liosta de na topaicí a bhaineann leis an téama Athruithe agus Comhthéacsanna duit. Chun tuilleadh eolais a fháil ar chatagóir ar leith agus chun forléargas a fháil ar na gníomhaíochtaí atá ar fáil i do sprioctheanga, cliceáil ar an nasc cuí.
Category | SubCategory | Brief Description/Learning outcomes |
---|---|---|
Year One to Mobility Programme | Social Media | Evaluation of the effective use of social media in your target language. |
Target Language | Building confidence in target language use and contexts. | |
ICC Intro | Introduction to the important concept and realities of intercultural communicative competence and cultural sensitivities. | |
Mobility Programme | Pre-mobility Programme | Planning and preparing for your Mobility Programme |
During your Mobility Programme | Exploiting the full potential of your limited time abroad. | |
ICC Advanced | Deeper exploration of and exposure to the important concept and realities of intercultural communicative competence and cultural sensitivities. |