Eolas faoin Tionscadal

Aithnítear i roinnt réimsí, (e.g. 2011 Tuairisc Forfás “Guidance for Higher Education Providers on Current and Future Skills Needs of Enterprise”) nach mór dul i ngleic leis an nganntanas náisiúnta maidir le scileanna teanga. Beidh scileanna agus inniúlacht teanga riachtanach don téarnamh geilleagrach leantach. I bhfianaise an chúlra seo agus an gá atá ann do thacaíocht sholúbtha a chur ar fáil d’fhoghlaimeoirí teanga i rith tréimhsí éagsúla athraithe, tá sé d’aidhm ag an tionscadal seo ionad digiteach idirghníomhach acmhainní do theangacha a chruthú. Uirlis thábhachtach tacaíochta do mhic léinn a bheas ann chomh maith le huirlis foghlama ar líne a mbeidh feidhmeanna éagsúla aici. Díreofar ar lucht na chéad bhliana in institiúidí Ardoideachais, ar mhic léinn atá i mbun staidéir thar sáile agus ar mhúinteoirí teanga leis an tionscadal seo ach rachaidh na hacmhainní chun tairbhe do ghrúpaí eile chomh maith céanna.

Aithníodh sa taighde a rinne comhpháirtithe an tionscadail le ceithre bliana anuas réimsí áirithe ar chóir díriú ar an tacaíocht sholúbtha ar líne iontu. Is é aidhm an tionscadail, bunaithe ar na torthaí sin agus ar an saineolas atá ag daoine sa ghrúpa, acmhainní agus gníomhaíochtaí ar líne a fhorbairt i dtrí mhór-réimse:

1. Inniúlacht Dhigiteach d’Fhorbairt Teanga: mar shampla, príobháideachas, cóipcheart, réim teanga, pobail ar líne, béasaíocht Idirlín, féiniúlacht ar líne, teorainneacha, bradaíl. Feidhmeofar seo taobh istigh den Chreat Náisiúnta do Scileanna Digiteacha atá á fhorbairt ag an All Aboard Project.

2. Straitéisí agus Nósanna Foghlamtha Teanga: mar shampla, scileanna labhartha agus eile, inniúlacht idirchultúrtha, léacsas agus gramadach, réim teanga agus réimse a húsáide, acmhainní digiteacha a úsáid, acmhainní CALL san áireamh.

3. Athruithe chuig an Timpeallacht Foghlamtha Teanga ar an Tríú Leibhéal: mar shampla, ionchais, féinriar, an fhoghlaim féinstiúrtha, teacht aniar, inspreagadh, bainistiú ama, muinín, fadhbanna mothachtálacha. Beidh an tairseach ar fáil go forleathan agus beifear in ann é a chur in oiriúnt do chomhthéacsanna éagsúla. Beifear in ann an t-ábhar agus na gníomhaíochtaí a chomhtháthú le roinnt clár a chuirtear ar fáil san Ardoideachas cheana féin.