‘In a multimedia world, it is not possible to focus exclusively on the spoken or written element, treating everything else as marginal – as non-linguistic extras. All the elements combine in a single communicative act, and their joint roles need to be considered.’ Crystal, D. (2011) Internet Linguistics: A student guide, London: Routledge.
Aidhmeanna
Ar chríochnú an aonaid seo, beidh tú in ann:
- na heochairchoincheapa a bhaineann le hinniúlacht sna meáin amhairc agus sna
hilmheáin a shainmhíniú - teachtaireachtaí físeacha agus ilmheán a léamh agus a scríobh laistigh agus lasmuigh den seomra ranga
- acmhainní don seomra ranga a roghnú agus tascanna don inniúlacht sna meáin amhairc agus sna
hilmheáin a dhearadh do do chuid mac léinn
Réamhrá
Idir néalta clibeanna grafaicí faisnéise, scéalta ilmhódacha, cluichí agus amharcléiriú sonraí, úsáidtear an-chuid modhanna físeacha chun eolas a chur i láthair sa lá atá inniu ann.. Tá íomhánna ar fáil go forleathan sa lá atá inniu ann agus faighimid an-chuid eolais ó scáileán gach aon lá. Mar sin, ní mór dúinn díriú ar inniúlacht sna meáin amhairc agus sna hilmheáin. Toisc gur modh cumarsáide nó teanga í an ealaín, mhúintí inniúlacht san amharc do mhic léinn roimhe seo. Is éard atá i gceist léi an cumas na codanna agus gnéithe éagsúla a bhaineann le híomhá, pictiúr, dealbh nó cineál ar bith eile ealaíne, a thuiscint, a léamh agus brí a bhaint aisti. Is féidir le duine atá inniúil san amharclitearthacht teanga amhairc a léamh agus a scríobh. Mar sin féin, cuirimid gné eile leis an inniúlacht seo anois, na meáin amhairc agus na
hilmheáin: is minic a bhíonn baint ag íomhánna, fuaim agus físeáin lena chéile. Tagann an inniúlacht sna hilmheáin go mór chun cinn agus an t-idirlíon ar fáil go forleathan anois, ‘the first medium that can act like all media – it can be text, or audio, or video, or all of the above’ (Rose, F. 2011, The Art of Immersion: How the digital generation is remaking Hollywood, Madison Avenue, and the way we tell stories, New York: W.W. Norton). Chun a bheith inniúil i dteanga, ní leor a bheith in ann ábhar a léamh agus ní mór a bheith in ann ábhar a scríobh chomh maith. A fhearacht sin, ní mór go mbeadh na mic léinn ábalta ábhar ilmheán, lena n-áirítear íomhánna, fuaim agus físeáin, a chruthú chomh maith lena thuiscint.
Céard is inniúlacht sna meáin amhairc agus sna
hilmheáin ann?
Sainmhíniú
Sainmhíníonn Dudeney, Hockly and Pegrum (2014: 11) inniúlacht sna meáin amhairc agus sna
hilmheáin mar “the ability to effectively interpret and create texts in multiple media, notably using images, sounds and video”.
Naisc úsáideacha
Don scéalaíocht dhigiteach:
Do ghrafaicí faisnéise:
Ábhar ilmheán a roinnt:
Eagarthóireacht ar fhuaim:
Fotheidealú:
Eagarthóireacht ar fhíseáin:
- https://support.microsoft.com/en-ie/help/14220/windows-movie-maker-download (do Windows)
- http://www.apple.com/mac/imovie/ (do Mac)
Físeáin a roinnt:
Céard é an chéad chéim eile?
- Inniúlacht i dtéacsanna i gcló
- Inniúlacht sa chlibeáil
- Inniúlacht sa hipirtéacs
- Inniúlacht sa chluichíocht
- Inniúlacht sa soghluaisteacht
- Inniúlacht sa chódú agus sa teicneolaíocht
Foinse: DigiLanguages Údar: Alexandre Jacquot
A lire
Groupe de recherche en Littératie Médiatique Multimodale
Photolittérature, littératie visuelle et nouvelles textualités, Fabula la recherche en littérature
Ein interessanter Blog: http://digitaleserzaehlen.de/
Hier findet ihr einen Artikel von Dieter Glaap im Pdf-Format.
Ecco dei materiali aggiuntivi in lingua italiana sull’alfabetizzazione multimediale
Da vedere
- Il canale ANITel FAD ha pubblicato un video sull’uso sempre più diffuso della lavagna multimediale (LIM) nelle classi
Da leggere
- I seguenti sono materiali multimediali didattici di un progetto Bibliolab alle scuole elementari: Laboratorio di scrittura multimediale
- Un’intervista di MediaMente Rai a Roberto Maragliano su La nuova didattica multimediale