Reading
Céard is inniúlacht sa chuardach ann?

Aidhmeanna

Ar chríochnú an aonaid seo, beidh tú in ann:

  • na heochairchoincheapa a bhaineann le hinniúlacht sa chuardach a shainmhíniú
  • an chaoi a n-oibríonn innill chuardaigh agus an chaoi ar féidir eolas agus ábhar sa sprioctheanga a aimsiú a mhíniú
  • acmhainní don seomra rang a roghnú agus tascanna don inniúlacht sa chuardach a dhearadh do do chuid mac léinn

Réamhrá

Braitheann mic léinn teanga go mór ar an idirlíon chun eolas agus ábhar sa sprioctheanga a aimsiú agus iad ag déanamh tascanna. Mar sin féin, is iomaí mac léinn a mbíonn deacracht aige agus é ag iarraidh teacht ar ábhar feiliúnach sa sprioctheanga. Braitheann mic léinn áirithe go hiomlán ar ábhar sa chéad teanga a aistríonn siad go dtí an sprioctheanga. Mar sin, ní thapaíonn siad an deis atá ann dóibh tuairimí éagsúla a fháil ón gcultúr atá siad ag iarraidh a thuiscint a fháil ná an deis atá ann a bheith ag plé le hábhar dílis sa sprioctheanga. D’fhéadfadh nach mbeadh na straitéisí taighde a úsáideann siad córasach ach an oiread siocair nach dtuigeann siad an chaoi a n-oibríonn na hinnill chuardaigh, na feidhmeanna éagsúla atá ag an hinnill ná na laigí atá acu. D’fhéadfadh go mbeadh deacracht ag mic léinn téarmaí cuí a roghnú le go bhfaighidís torthaí suimiúla agus go mbeadh deacracht acu na torthaí sin a mheas.

Cé gur iomaí acmhainn atá ann chun cabhrú le teagascóirí agus le mic léinn chun feabhas a chur ar an inniúlacht sa chuardach, (féach, mar shampla, an leabhrán iontach Integrating Information Literacy into the Curriculum, a rinne an Consortium of National and University Libraries), ní bhíonn aon éagsúlacht iontu agus de ghnáth, glactar leis go ndéanfar an cuardach sa Bhéarla. Mar sin féin, tá sé ríthábhachtach tuiscint a bheith ag teagascóirí ar an gcaoi ar féidir scileanna ‘maithe’ cuardaigh a fhorbairt i mic léinn a dhéanann staidéar ar theanga. Téann sé chun sochair do mhic léinn go bhfuil  inniúlacht sa chuardach  mar chuid den churaclam teanga toisc go gcabhraíonn sí le foghlaimeoirí T2 cur leis an stór focal T2, cumas litrithe a fheabhsú agus teacht ar ábhar dílis sa sprioctheanga agus ar réimse leathan tuairimí. Chun acmhainní agus ábhar faoin topaic seo a aimsiú i do sprioctheanga, féach na míreanna sainiúla teanga ag bun an leathanaigh.

 

 

Project Information Literacy: Cuardach = Frustration; Information School, University of Washington

 

Céard is inniúlacht sa chuardach ann?

Baineann
inniúlacht sa chuardach le heolas go príomha. Sainmhíníonn Dudeney, Hockly and Pegrum (2013: 20) inniúlacht sa chuardach mar “ability to make effective use of a wide array of search engines, including a familiarity with their full functionality as well as their limitations”.

Naisc úsáideacha

B’fhéidir go gcuirféa an cheist, cén fáth ar chóir go mbeadh tuiscint ag teagascóirí teanga ar innill chuardaigh? Is iomaí fáth atá leis ach seo a leanas dhá chúis atá an-tábhachtach. Ar an gcéad dul síos, úsáidimid innill chuardaigh ar bhonn laethúil chun ábhar a aimsiú do ranganna teanga agus is maith an rud é tuiscint éigin a bheith againn ar an gcaoi a n-oibríonn na huirlisí a úsáidimid. Lena chois sin, bíonn (nó beidh) suíomh gréasáin nó blag ranga le riaradh ag cuid mhaith againn. Ní mór do riarthóirí/úinéirí gréasáin a shocrú cé acu a innéacsaítear an suíomh, go mbeadh teacht ag cách air, nó nach n-innéacsaítear é. B’fhéidir nach mbeifeá ag iarraidh go mbeadh innill chuardaigh in ann teacht ar do rang chun rioscaí slándála a laghdú (níl gach duine ar an idirlíon breá cairdiúil…) nó chun príobháideachas na mac léinn a chosaint.

Cén chaoi a n-oibríonn inneall cuardaigh, Anurag Dwivedi

 

Dar le Merriam Webster online dictionary, gur ríomhchlár é an t-inneall cuardaigh a úsáidtear chun sonraí (téacs nó bunachar sonraí) a chuardach chun “specified information” a aimsiú. Anuas air sin is “a site on the World Wide Web that uses such software to locate key words in other sites” é. Úsáideann an fórmhór againn Google ar bhonn laethúil, ach cén chaoi a n-oibríonn sé? Nuair a dhéanann tú cuardach le Google, nó le hinneall cuardaigh ar bith, bíonn trí chéim i gceist:

  1. Ransaitheoireacht. Ransaitheoir gréasáin is ea clár a dhéanann an t-idirlíon a chuardach an-sciobtha chun an t-ábhar atá uait a aimsiú.
  2. Innéacsú. Eagraítear na sonraí a bailíodh le linn na ransaitheoireachta agus cuirtear i mbunachar sonraí iad.
  3. Aisghabháil. Tarlaíonn na céimeanna eile sa chúlra agus tarlaíonn siad chomh sciobtha sin nach bhfuil a fhios agat go bhfuil a leithéid ar siúl. Is é an aisghabháil an t-eolas a fheiceann tú nuair a dhéanann tú cuardach: léiríonn an t-inneall cuardaigh na torthaí (nó  amais) a fhreagraíonn don chuardach a rinne tú. Cuireann sé in ord iad, úsáidtear algartam rúnda chun sin a dhéanamh. Agus is béas linn breathnú ar na naisc ar bharr liosta na dtorthaí…

Más mian leat tuilleadh a fhoghlaim ar an ábhar seo, seo a leanas cúpla nasc a bheas úsáideach. Tá tuilleadh ábhair sna míreanna sainiúla teanga ag bun an leathanaigh chomh maith.

Cén t-inneall cuardaigh is cóir dom a úsáid?

Cé gurb é Google an t-inneall cuardaigh is coitianta, is iomaí inneall cuardaigh eile a thabhfaidh torthaí suimiúla duit. Tá liosta d’innill chuardaigh éagsúla ar fáil ag Mark Pegrum’s E-language search page. Má bhaineann tú úsáid as Google, úsáid an leagan a bhaineann leis an sprioctheanga.

 

Inniúlacht sa chuardach sa seomra ranga teanga

Cé go gceapann teagascóirí agus mic léinn gur féidir leo na hinnill chuardaigh a úsáid go héifeachtach, ní fíor sin i gcónaí. Ní úsáideann mórán díobh Google sa sprioctheanga (e.g., Google FranceGoogle Deutschland, srl.), agus ní úsáideann siad na feidhmeanna a bhaineann le cuardach casta Google ach an oiread a ligeann duit an cuardach a chúngú de réir ceantair nó teanga nó cuardach a dhéanamh d’fhocail nó do fhrásaí ar leith.

 

 

Cliceáil ar shocruithe cuardaigh Google chun teacht ar an gcuardach casta

Google Search Settings

 

Beidh cabhair ag teastáil ó mhic léinn teanga chun téarmaí a roghnú don chuardach agus chun leathanaigh a roghnú ó thorthaí an chuardaigh.

 

 

D’fhéadfadh go mbeadh cabhair de dhíth orthu maidir le hoibreoirí Boole chomh maith chun an cuardach a leathnú nó a chúngú.

 

Tá liosta sa tábla thíos de ghníomhaíochtaí a d’fhéadfadh teagascóirí a úsáid sa seomra ranga nó a d’fhéadfadh mic léinn a úsáid.

Context of useTitleRelated themesLanguages
Activities for the classroom
Let's search!FR
Independent learning
Search literacy... what is it?Hypertext literacy; VocabularyFR
Let's explore some search enginesSearch literacy (student)

Topaicí gaolmhara

  • Inniúlacht san fhaisnéis a mheas
  • Inniúlacht sa scagadh
  • Inniúlacht sa chlibeáil

 

 

Foinse: DigiLanguages     Údar:   Françoise Blin

 


Pour en savoir plus… quelques ressources en français

À lire

À voir

Pour travailler la langue

Vous pouvez utiliser les documents ci-dessus pour travailler votre compréhension écrite orale, votre vocabulaire, etc.

Einige Quellen auf Deutsch:

Safernet.at bietet Informationen zur Benutzung von Suchmaschinen im Internet.

Klicksafe.de bietet das Äquivalent aus Deutschland. Hier bietet die Seite Materialien für den Unterricht zum Download an.

Is féidir eolais faoi Chuardaigh Chasta, faoi Cheanáin agus Leabharmharcanna a aimsiú ag na naisc thíos:

8 Cuardach Casta Gearóid Ó Cadhain

9 Ceanáin Leabharmharcanna Gearóid Ó Cadhain

Qualche risorsa in italiano…

Da leggere:

Per saperne di più puoi leggere questo articolo:

Da vedere:

Questo video di PCabc.it offre una breve in italiano introduzione ai “motori di ricerca”:

Source/attribution: DigiLanguages     Authors:  Laura McLoughlin, Valentina Rizzo