Writing
Céard is Inniúlacht i dtéacsanna i gcló ann?

Is cuid lárnach den inniúlacht dhigiteach an inniúlacht i dtéacsanna i gcló. Baineann téacsanna i gcló leis na “the basic understandings of reading” (McKenna & Stahl, 2009).

“Concepts of print can be viewed as basic knowledge about how print in general, and books work”
Holdgreve-Resendez, 2010a.

Léitheoireacht is ea próiseáil thapa neamh-chomhfhiosach ar ábhar clóite chun é a thuiscint. An sprioc a bhíonn ag léitheoireacht is ea tuiscint a fháil ar an ábhar; is ionann an tuiscint a bhaineann léitheoir as an léitheoireacht agus an tairbhe agus an taitneamh a bhaineann siad as, mar: “Reading without understanding is not reading” (Lyons & Pinnell, 2001).

 

Aidhmeanna

Ar chríochnú an aonaid seo:

  • na heochairchoincheapa a bhaineann le hinniúlacht i dtéacsanna i gcló a shainmhíniú
  • ábharthacht na hinniúlachta i dtéacsanna i gcló don phróiseas foghlamtha/múinte teanga a mhíniú
  • acmhainní don seomra ranga a roghnú agus tascanna don inniúlacht i dtéacsanna i gcló a dhearadh do do chuid mac léinn

 

Céard is inniúlacht i dtéacsanna i gcló ann?

Sainmhíniú

Sainmhíníonn Dudeney, Hockly and Pegrum (2014: 8) inniúlacht i dtéacsanna clóite mar “the ability to comprehend and create a variety of written texts, encompassing a knowledge of grammar, vocabulary and discourse features alongside reading and writing skills”.

 

Eolas faoin inniúlacht i dtéacsanna i gcló

Tháinig athrú as cuimse ar an teagasc agus ar an bhfoghlaim le blianta anuas. Tháinig borradh faoin tábhacht a bhaineann le téacsanna clóite agus mar gheall ar nósanna a tháinig chun cinn san oideachas, tá deireadh le modhanna traidisiúnta teagaisc áirithe. Cé go maítear go bhfuil deireadh leis an bhfocal scríofa, luann Dudeney et al (2014) go bhfuil ábhar clóite an-ábhartha anois mar gheall ar an idirlíon. Is i bhfoirm chlóite a bhíonn cuid mhór de na foinsí a úsáidimid ar líne. Is mó teacht atá ag mic léinn ar ábhar físeach agus ábhar fuaime anois ach bíonn téacsanna á léamh ag mic léinn go fóill cé gur sleachta níos giorra a bhíonn iontu.

“Skim and scan extended texts, assess and analyse opinion pieces, and evaluate subtle cues of tone and intent in status updates, [they] carefully plan and compose blog entries, build persuasive arguments and counter-arguments on discussion boards, restructure and copy-edit their own and others’ work on wikis, and express themselves succinctly in tweets” is ea an obair a bhíonn le déanamh ag foghlaimeoirí teanga anois, Dudeney, Hockly and Pegrum (2014: 8-9). Mar theagascóirí teanga, nílim ag iarraidh dul i ngleic leis an neamhlitearthacht. Bíonn scileanna scríbhneoireachta agus léitheoireachta ag na mic léinn cheana féin, ach ní mór dóibh cén chaoi léitheoireacht a dhéanamh ar líne agus scríbhneoireacht a dhéanamh i bhformáidí éagsúla a fhoghlaim. Ní mór díriú ar an inniúlacht nua seo i dtéacsanna i gcló trí úsáid a bhaint as acmhainní agus tascanna a leagann béim ar an inniúlacht áirithe seo.

Féach ar cheann de na físeáin ar an gcainéal Ophecira a bhaineann le Informational Reading:

Inniúlacht i dtéacsanna i gcló sa rang

Tugtar léargas sa tábla thíos ar na gníomhaíochtaí a d’fhéadfá a úsáid chun feasacht a chothú sna mic léinn maidir leis na difríochtaí atá ann idir clóscríbhneoireacht agus lámhscríbhneoireacht agus idir téacsanna clóite agus téacsanna ar líne. Cliceáil ar na naisc! Ná déan dearmad na míreanna sainiúla teanga ag bun an leathanaigh a sheiceáil chomh maith.

Context of useIDTitleRelated themesLanguages
OverviewPrint literacy, what is it?EN (outline) FR IT
Working with handwritten and/or typed textsWorking with handwritten and or typed textsEN (outline) IT

 

Foinse: Digilanguages           Údar: Alexandre Jacquot/SN??

A lire

 

A voir

Die Stiftung Lesen hat nützliche Informationen zum Thema Digitale Lesewelten bereitgestellt. Das passende Informationsblatt finden Sie hier.

Einen weiteren Artikel zum Thema Leseförderung mit digitalen Medien finden Sie hier.

Qui troverai del materiale aggiuntivo in italiano

Da vedere:

Da leggere:
  • Il dizionario online di scienze e tecniche La comunicazione è nato da un progetto della Facoltà di Scienze della Comunicazione sociale dell’Università Pontificia Salesiana di Roma. In questa pagina Thomas Purayidathil fa una breve storia dell’alfabetizzazione, dall’età antica ai giorni nostri