Laura McLoughlin

Laura McLoughlin, Lecturer in Italian

Ceannaire Pacáiste Oibre

Scileanna agus Nósanna Foghlamtha Teanga

Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

Is léachtóir in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh í Laura Incalcaterra McLoughlin. Is í comhstiúrthóir an MA Advanced Language Skills agus comhordaitheoir an dioplóma ar líne san Iodáilis.

Maidir le cúrsaí taighde, is suim léi an teangeolaíocht fheidhmeach, an t-aistriúchán closamhairc sa mhúinteoireacht agus san fhoghlaim teanga agus múinteoireacht an aistriúcháin. Foilsíodh go forleathan ábhar a scríobh sí i dtaca le modheolaíocht don mhúinteoireacht teanga, teanga agus teicneolaíochtaí nua agus an fotheidealú sa mhúinteoireacht teanga agus in oiliúint aistritheoirí. Chuir sí roinnt mhaith páipéar i láthair ag comhdhálacha idirnáisiúnta. Bronnadh dámhachtainí náisiúnta agus idirnáisiúnta maoiniúcháin uirthi agus is í a bhuaigh an European Language Label 2008, 2009 agus 2013. Tá liosta de na foilseacháin is deireanaí léi ar fáil ag http://www.nuigalway.ie/colleges-and-schools/arts-social-sciences-and-celtic-studies/staffprofiles/lauramcloughlin/

Cuir rphost chuig Laura