Françoise Blin
Ceannaire don Phacáiste Oibre
Inniúlachtaí Digiteacha d’Fhorbairt Teanga
Toghadh Françoise Blin ina hUachtarán ar an European Association for Computer Assisted Language Learning (EUROCALL) agus is comheagarthóir í ar ReCALL, irisleabhar an chumainn, a fhoilsíonn Cambridge University Press. Is taighdeoir agus cleachtóir CALL í le 30 bliain anuas agus foilsíodh cuid mhaith ábhar a scríobh sí faoin réimse seo, i dtaca le feidhmeanna theoiric na gníomhaíochta i dtaighde agus i ndearadh CALL. Múineann sí an Fhraincis in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, agus is í a stiúrann foireann taighdeoirí agus cleachtóirí forbraíochta atá ag oibriú ar ghnéithe éagsúla de CALL, mar shampla, Domhain Fhíoriúla (e.g., Second Life) agus físchomhdháil a úsáid sa seomra ranga teanga. Díríonn na tionscadail is deireanaí atá ar bun aici ar an inniúlacht dhigiteach do mhúinteoirí agus d’fhoglaimeoirí teanga a fheabhsú.