Fiona Farr

Dr Fiona Farr, Dean, Teaching and Learning

Ceannaire an Tionscadail

Déan, Múinteoireacht agus Foghlaim

Ollscoil Luimnigh.

Is í an Dr. Fiona Farr Déan na Múinteoireacht agus na Foghlama in Ollscoil Luimnigh ó 2013. Tá sí ar iasacht ón bpost acadúil atá aici mar Léachtóir Sinsearach in TESOL i Scoil na Nuatheangacha agus na Teangeolaíochta Feidhmí. Tá saineolas aici i dtaca le hoideachas múinteoirí, cleachtas athmhachnaimh, an fhorbairt ghairmiúil leanúnach, an teangeolaíocht fheidhmeach chorpais agus an fhoghlaim teanga le cuidiú teicneolaíochta. Foilsíodh roinnt ábhar léi in irisleabhair mór le rá sa réimse saineolais atá aici agus is í a scríobh ‘Teaching Practice Feedback: an investigation of spoken and written modes’ (2011, Routledge) agus ‘Practice in TESOL’ (2015, Edinburgh University Press). Is comheagarthóir (le Joan Cutting) í ar na téacsleabhair EUP sa sraith TESOL, agus is comheagarthóir í (le Liam Murray) ar an Routledge Handbook of Language Learning and Technology (2016). Is Scoláire Taighde ar cuairt í in Lancaster University, áit a bhfuil sí ag glacadh páirte i dtionscadal mór taighde ‘Corpus Approaches to Social Science’ atá á mhaoiniú ag an ESRC. Chomh maith leis sin, is í atá ag stiúradh mórthogra náisiúnta a mhaoiníonn an Fóram Náisiúnta um Fheabhsú Múinteoireachta agus Foghlama ar ‘An Inniúlacht Dhigiteach do Mhúinteoireacht agus d’Fhoghlaim Teanga a Fheabhsú’ (2016-2017).

Cuir rphost chuig Fiona