Martin Walton

Martin WaltonBall den Phainéal Idirnáisiúnta

Université de Pau

 

Is léachtóir sinsearach Béarla é Martin Walton i roinn na Bainistíochta Gnó agus i roinn na hEolaíochta Ríomhaireachta, Bayonne agus ag an Scoil Dochtúireachta do na hEolaíochtaí Feidhmeacha, Université de Pau, iardheisceart na Fraince.

Baineann an taighde is deireanaí a rinne sé le Polasaí Teanga na hEorpa agus Mionteangacha, le teagasc d’fhoglaim an dara teanga, go háirithe le foghraíocht a mhúineadh agus a fhoglaim. Tá sé ag oibriú ar staidéar comparáideach ar acmhainní teanga agus ar pholasaí teanga i gcomhar le IKER, an institiúid Basque taighde in Bayonne faoi láthair maidir leis an mBascais, an Ocsatáinis, an Chatalóinis, an Ghaeilge agus Gaeilge na hAlban sna ceantair ina labhraítear iad san Eoraip. Anuas air sin, tá sé ag díriú ar chritéar chun uirlisí foghlama do ghnéithe prosóide i T2 a fheabhsú.