Gavin Dudeney

Gavin Dudeney

Ball den Phainéal Idirnáisiúnta

The Consultants-E

 

 

Is é Gavin Stiúrthóir na Teicneolaíochta do The Consultants-E. Cuireann sé oiliúint agus sainchomhairleoireacht ar líne maidir le teicneolaíocht an oideachais ar fáil agus is ceannaire modúil (MATALL) é ar an MAPDLE (MA Professional Development for Language Education), NILE / University of Chichester. Is iar-Rúnaí Oinigh agus iar-Chathaoirleach é ar ElCom ag IATEFL (the International Association of Teachers of English as a Foreign Language), agus anois tá sé ar an International House Trust Board chomh maith leis an Educational Writers Committee of the Society of Authors. Is minic é ina phríomhchainteoir ag comhdhálacha éagsúla ar fud an domhain agus is é Gavin a scríobh The Internet & The Language Classroom (CUP 2000, 2007) agus bhí sé ina chomhúdar ar na foilseacháin How To Teach English with Technology (Longman 2007) agus Digital Literacies (Routledge 2014) a ghnóthaigh roinnt duaiseanna. Is é DELTA Publishing a d’fhoilsigh an leabhar is deireanaí leis, Going Mobile, in 2015.