Reading
Céard is inniúlacht sa hipirtéacs ann?

Athraíodh an léitheoireacht ó bhonn le teacht chun cinn an hipirtéacs agus chuir sé bealaí nua ar fáil chun dul i ngleic le heolas téacsúil. Téacs leictreonach a bhíonn i gceist, bíonn ailt sa téacs agus nasctar na hailt le chéile le naisc leictreonacha (Landow, 1997; Landow & Delany, 1991). Tugann na naisc suntas do phríomhphointí an téacs, déanann siad atreisiú ar na hargóintí is tábhachtaí atá ann agus tugann siad léargas ar oscailteacht agus ar chreidiúnacht an téacs. Cuireann na naisc rogha ar fáil don léitheoir dul níos faide ná an téacs atá os a chomhair amach agus ábhar eile ar an idirlíon a roghnú chun a léamh. (Dudeney, Hockly and Pegrum, 2014: 11) Seo a leanas gnéithe éagsúla a bhaineann leis an hipirtéacs:

  • Il-líneacht: Ní bhíonn an t-eolas a chuireann hipirtéacsanna i láthair in ord agus mar sin, faightear réidh le hordlathais théacsúla (ailt a léamh in ord, mar shampla). (Landow & Delany, 1991; Slatin, 1991; Bolter, 1998)
  • Idirthéacsúlacht: Is feidir leis an léitheoir nasc a dhéanamh idir an téacs atá os a chomhair amach agus téacsanna eile. (Landow & Delany, 1991; Burbules and Callister, 1996)
  • Il-údarthacht agus tuairimí éagsúla: Nuair a dhéantar eolas a chur i láthair i dtéacsanna éagsúla, is iomaí údar a bhíonn i gceist agus mar sin, bíonn éagsúlacht tuairimí le sonrú. (Landow, 1997; Barnes, 1994)
  • Dí-ábharú and fíorúlacht: Níl an téacs i leabhar a thuilleadh ach i bhfoirm cóid i dtimpeallacht fhíorúil. (Delany and Landow,1993; Slatin, 1991)
  • Idirghníomhaíocht: Baineann dhá ghné le hidirghníomhaíocht hipirtéacsanna: is féidir leis an léitheoir a chúrsa féin tríd an téacs a roghnú agus an tuiscint atá aige ar an ábhar a mhúnlú dó féin; is féidir leis an léitheoir dul i ngleic leis an téacs agus eagarthóireacht a dhéanamh air, fáil réidh le cuid de nó an téacs a athrú, tráchtanna a chur leis nó suirbhéanna agus plé a dhéanamh air. (Landow & Delany, 1991; Slatin, 1991; Barnes, 1994)

Chun tuilleadh eolais a fháil, léigh aiste Natalya Sinitskaya maidir le hinniúlacht sa hipirtéacs.

 

Ar chríochnú an aonaid seo, beidh tú in ann:

  • na heochairchoincheapa a bhaineann le hinniúlacht sa hipirtéacs a shainmhíniú
  • míniú a thabhairt ar an gcaoi a dtéann hipearnaisc i bhfeidhm ar théacs a léamh, téacs a thuiscint agus creidiúnacht an téacs
  • acmhainní don seomra ranga a roghnú agus tascanna don inniúlacht sa hipirtéacs a dhearadh do do chuid mac léinn
Comhthéacs foghlama:

Foghlaim féinstiúrtha do theagascóirí nó ábhair oide

An Teicneolaíocht a bheas de dhíth

Ceangal leis an idirlíon

Céard is inniúlacht sa hipirtéacs ann?

Sainmhíniú

Sainmhíníonn Dudeney, Hockly agus Pegrum (2014: 11) inniúlacht sa hipirtéacs mar “the ability to process hyperlinks appropriately and to use hyperlinks effectively to enhance a document or artefact”.

Deir Natalya Sinitskaya “hypertext engages readers in active interaction with the text on inter and intra-textual levels. The process of interaction requires a set of skills that is quite different from traditional print-based literacy”.

  • Léitheoireacht nach ndéantar i sraith (Landow and Delany, 1991)

Foghlaimíonn léitheoirí cén chaoi téacs a léamh ach roghanna a dhéanamh faoin gcúrsa a thugann siad. Sealbhaíonn siad scileanna ardoird léitheoireachta trí naisc a dhéanamh ar leibhéil éagsúla téacsúla.

  • Léitheoireacht chriticiúil (Barnes, 1994; Bolter, 1998)

Bíonn ar léitheoirí anailís chriticiúil a dhéanamh ar ábharthacht líon mór na mblúirí eolais a chuirtear ar fáil sa hipirtéacs. Anuas air sin, tuigtear do léitheoirí nach mar a shíltear a bhítear i gcás téacsanna áirithe.

  • Teagmháil léitheoirlárnach leis an téacs (Barnes, 1994; Landow and Delany, 1991)

Bíonn ról gníomhach ag an léitheoir, roghnaíonn sé an cúrsa a thugann sé tríd an eolas agus tagann sé ar a thuiscint féin air. Tugann sé deis do léitheoirí infheistiú féiniúlachta (Cummins, 2001) a dhéanamh agus ábhair a rachaidh i bhfeidhm orthu go cognaíoch á meas acu.

  • Comhoibriú leis an údar (Bolter, 1998; Slatin, 1991)

Ceann de na gnéithe is suntasaí a bhaineann le hipirtéacs is ea go ndéanann sé daonlathú ar an téacs agus go laghdaíonn sé údarás an údair.  Is féidir leis an léitheoir teagmháil a dhéanamh leis an údar agus iad ag iarraidh teacht ar thuiscint ach naisc a roghnú, tráchtanna a scríobh agus naisc eile a chur chuig an údar.

  • Scileanna ionramhála (Peters, 1996)

Tá sé níos fusa, níos tapa agus níos éifeachtaí hipirtéacsanna a ionramháil ná téacsanna clóite (cuimhnigh ar chuardach a dhéanamh agus ar sheicealaithe litrithe agus gramadaí).

 

Naisc úsáideacha

 

Eolas faoi inniúlacht sa hipirtéacs

Hipearnaisc

Hipearnasc is ea focal, frása nó íomhá a thugann chuig cuid eile den doiciméad nó chuig doiciméad eile thú nuair a chliceálann tú air. Bíonn hipearnaisc ar beagnach gach leathanach idirlín agus mar sin bíonn an léitheoir in ann dul ó leathanach go leathanach. Is minic a bhíonn dath gorm ar hipearnaisc agus líne fúthu ach ní gá go mbeadh. Nuair a chuireann tú an tsaighead os cionn hipearnaisc, ba chóir go n-athródh sé ina lámh beag in aice leis an nasc. Nuair a chliceálann tú air, osclófar leathanach nua nó tabharfar chuig áit eile ar an leathanach céanna thú.

Feictear hipearnaisc nó ‘naisc’ mar a thugtar orthu, ar suímh ghréasáin go mion minic ach bíonn siad ar fáil i doiciméid eile chomh maith céanna. Áirítear ar na doiciméid sin ciclipéidí, gluaiseanna, foclóirí agus foinsí tagartha eile. Oibríonn na naisc ar an gcaoi chéanna agus a oibríonn siad ar líne agus tugann siad an léitheoir ó leathanach go leathanach. Go bunúsach, is féidir eolas a bhrabhsáil go sciobtha agus hipearnaisc in úsáid.

Sainmhíniú le http://techterms.com/

 

Hipirtéacs

Córas bunachar sonraí speisialta a cheap Ted Nelson sa 1960idí, inar féidir rudaí (téacs, pictiúir, ceol, clár, srl) a cheangal le chéile go cruthaitheach. Nuair a roghnaíonn tú rud amháin, is féidir leat na rudaí eile lena gceanglaítear é a fheiceáil. Is féidir bogadh ó rud go rud eile cé go bhféadfadh go mbeadh foirmeacha éagsúla i gceist. Mar shampla, agus tú léamh doiciméid faoi Mozart, d’fhéadfá cliceáil ar an bhfrása coinséartó veidhlín in A Mór, agus go dtiocfadh scór aníos nó taifead den choinséartó fiú. Dá gcliceálfá ar an ainm Mozart, b’fhéidir go dtiocfadh íomhánna de chun cinn. Tugtar naisc hipirtéacs nó cnaipí hipirtéacs ar na deilbhíní a roghnaíonn tú chun na rudaí a bhaineann leis an ábhar a fheiceáil.

Bíonn córais hipirtéacs an-úsáideach chun bunachair mhóra sonraí ina bhfuil an-chuid eolais nach mbaineann lena chéile a eagrú agus chun brabhsáil a dhéanamh ar bhunachair mhóra. Tá roinnt córas hipirtéacs ar fáil do ríomhairí Apple Macintosh agus do ríomhairí pearsanta ar féidir iad a úsáid chun do bhunachair shonraí féin a fhorbairt. Tugtar córas ceapadóireachta ar na córais sin. Le Vangie Beal.

 

Céard é an chéad chéim eile?

 

Leabharliosta

  • Barnes, S. (1994) Hypertext literacy. Interpersonal Computing and Technology, 2 (4), pp.24-36. Ar fáil ar líne ag http://www.helsinki.fi/science/optek/1994/n4/barnes.txt
  • Bolter, D.J (1998) Hypertext and the question of visual literacy. Reinkin, D. (ed.) Handbook of literacy and technology: Transformations in a post-typographic world, pp. 3-14. Mahwah, N.J. Lawrence Erlbaum Associates, Publishers
  • Burbules, N. and Callister, T. (1996) Knowledge at the crossroads: Some alternative futures of hypertext learning environments. Educational Theory, 46 (1), pp.23-50
  • Landow, G. (1997) Hypertext 2.0. Baltimore/London: The John Hopkins University Press
  • Landow, G. and Delany, P. (1991) Hypertext, hypermedia and literary studies: The state of the art. Delany, P. and Landow, G. (eds.) Hypermedia and literary studies, pp.3-53. Cambridge, Massachusetts: The MIT Press
  • Peters, M. (1996) Critical literacy and digital texts. Educational Theory, 46 (1), pp.51-70
  • Slatin, J. (1991) Reading hypertext: Order and coherence in a new medium. Delany, P. and Landow, G. (eds.) Hypermedia and literary studies, pp.153-171. Cambridge, Massachusetts: The MIT Press

 

Foinse:  DigiLanguages        Údar:  Alexandre Jacquot

Below are some additional resources in English. You can use them to consolidate your knowledge of the terminology in English and practices in the English speaking world.

Definitions in English

  • Online dictionary 1
  • Online dictionary 2
  • Video clip explaining Internet terminology to ESL students?

Learn HTML in English!

Try to learn new competencies through the medium of English :). Below are (relatively) simple tutorials.

  • Tutorial 1
  • Tutorial 2

Additional resources (more advanced)

  • Links to recorded lectures
  • More specialised online articles (computing, engineering, law, sociology, etc.)

Voici quelques ressources supplémentaires en français.

Vous pouvez les utiliser pour mieux connaître la terminologie utilisée en français ainsi que pour avoir un aperçu des usages francophones.

Apprendre HTML en français!

Prenez l’habitude d’apprendre de nouvelles compétences en utilisant le français :). Les tutoriels ci-dessous ne sont pas difficiles à comprendre.

Pour aller plus loin

Hier einige deutsche Quellen zum Thema Hyperlink.

Zur Bedeutungsübersicht:

Hier ein Tutorium zum Erstellen von Hyperlinks auf Adobe.com 

Wer Html lernen möchte, kann hier einen Link zum entsprechenden Tutorium finden.

Zum Weiterlesen:

  1. Tá treoracha simplí thíos a mhíníonn cén chaoi le blag a chruthú

2. Breathnaigh ar www.tearma.ie chun míniú a fháil ar na nathanna a leanas:

hipirtéacs

hibirnasc

Ecco alcune risorse supplementari che vi aiuteranno a rinforzare la vostra conoscenza della terminologia utilizzata in italiano in questo contesto.

Definizioni e glossario:

Definizioni in italiano dal sito dell’Università di Torino:

  1. Cos’è l’ipertesto
  2. Cos’è un link

Definizioni in italiano dal sito web pc-facile:

  1. Definizione di ipertesto
  2. Definizione di ipermedia

Da vedere:

Può essere utile anche questo Glossario Informatico dell’Università Ca’ Foscari di Venezia in formato pdf.

Nel video che segue potete trovare alcuni termini informatici di uso quotidiano, in italiano:

Apprendere HTML in italiano:

Qui potete trovare i tutorial di HTML.net in italiano. In particolare:

Author: Valentina Rizzo

En el siguiente enlace puedes encontrar un diccionario de términos informáticos:

Glosario informático

También puedes leer el siguiente artículo sobre los términos informáticos que la Real Academia de la Lengua ha aceptado.

Source/attribution: Digilanguages          Author: Marta Giralt