Dorothy Ní Uigín
Development Team
Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
Is í Riarthóir Theagasc na Gaeilge in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge í Dorothy Ní Uigín. Tá suim aici i dteagasc agus i sealbhú teangacha – sa seomra ranga traidisiúnta, ar líne, nó tríd an bhfoghlaim chumaisc – agus sa litearthacht acadúil. Tá suim ar leith aici i stair na hiriseoireachta agus na meán Gaeilge. Tá BA aici ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, chomh maith le MA (Gaeilge), MA (Literature & Publishing), MA (Academic Practice) agus PhD (Gaeilge) ón ollscoil chéanna.