Alicia Castillo Villanueva
An Fhoireann Forbraíochta
Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath
Is léachtóir Spáinnise í an Dr Alicia Castillo Villanueva in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Bainann an taighde a dhéanann sí le hanailís a dhéanamh ar dhioscúrsaí cumhachta, féiniúlachta, aistriúcháin agus coimhlinte sa Spáinn faoi láthair. D’fhorbair sí roinnt modúl ríomhfoghlama ar scileanna scríbhneoireachta, ar theanga agus ar an teicneolaíocht. Thug Alicia ceardlanna agus seimineáir éagsúla i dtaca le modheolaíocht múinteoireachta agus úsáid na litríochta i seomra ranga na teanga iasachta. In 2008, chomhordaigh sí cúrsa oiliúna an Tionscnaimh Teanga Iarbhunoideachais do mhúinteoirí Spáinnise a mhaoinigh an Roinn Oideachais.