An Plean Oibre

Cuirfear an tionscadal seo, a bhfuil UL i gceannais air, i bhfeidhm le 7 bpacáiste oibre agus is í an Dr. Fíona Farr, Déan na Múinteoireachta agus na Foghlama, Ollscoil Luimnigh a dhéanfaidh maoirseacht air. Seo a leanas ainmneacha na bpríomhtheagmhálaithe sna hinstitiúidí éagsúla maille le hainmneacha na gceann roinne:

Cuirfidh gach institiúid atá páirteach sa tionscadal le cur i bhfeidhm agus le comhordú na bpacáistí oibre ar na bealaí seo a leanas: An leagan amach ama maidir leis an bpacáiste oibre agus leis an gcomhordú:

1. Forbairt oideachasúil Teicneolaíocht (Comhordú an Tionscadail) (UL) Eanáir 2016 – Meitheamh 2017 Feidhmiú agus comhordú, agus a bheith ag oibriú le comhpháirtithe an tionscadail

2. Taighde agus Measúnú (UL) Eanáir 2016 – Meitheamh 2016 Aibreán 2017 – Bealtaine 2017 Taighde le húsáideoirí a bhfuil an tionscadal dírithe orthu agus measúnú deireanach ar an tairseach.

3. An Inniúlacht Dhigiteach don Fhorbairt Teanga (DCU) Eanáir 2016 – Meitheamh 2017 Foireann uirlisí don inniúlacht dhigiteach, a luíonn leis an gCreat Náisiúnta do Scileanna Digiteacha All Aboard a dhearadh, a fhorbairt agus a thástáil.

4. Scileanna agus Nósanna Foghlamtha Teanga (NUIG) Eanáir 2016 – Meitheamh 2017 Acmhainní oscailte oideachais atá ann cheana féin a chur i dtoll a chéile agus ábhar nua le haghaidh na ceithre scil inteangacha a chruthú nuair is gá chomh maith le réimsí úsáide.

5. Athruithe chuig an timpeallacht foghlamtha teanga ar an tríú leibhéal (UL) Eanáir 2016 – Meitheamh 2017 Ábhair a chur le chéile agus a chruthú chun an t-athrú chuig an timpeallacht foghlamtha teanga san Ardoideachas a fheabhsú.

6. Treoirthionscadal Logánaithe (NUIG) Eanáir 2017 – Meitheamh 2017 Suíomh gréasáin an tionscadail a logánú trí Ghaeilge a chur air d’fhonn teimpléad a bhféadfaí a úsáid leis na teangacha eile a chruthú.

7. Dearadh Teicniúil agus Forbairt Theicniúil (UL) Eanáir 2017 – Meitheamh 2017 Gnéithe teicniúla den suíomh gréasáin a fhorbairt agus ábhar na bpacáistí oibre 3,4 agus 5 a fhorbairt.