Reading
Straitéisí léitheoireachta: Feasacht a chothú

Torthaí Foghlama:

Ar chríochnú an taisc seo duit, beidh tú in ann:

  • téacs ar líne a úsáid chun cabhrú le mic léinn a gcuid straitéisí léitheoireachta a fheabhsú:
  • réamhbhreathnú agus tuar a dhéanamh (anailís a dhéanamh ar an teideal, tuairimí a cheapadh/buille faoi thuairim a thabhairt bunaithe ar réamheolas)
  • sruthléamh agus ruaill léitheoireachta a dhéanamh
  • tuairimí faoin téacs a dheimhniú

 

 

Sula ndéantar an ghníomhaíocht:

  • Roghnaigh téacs feiliúnach ar líne nó úsáid ceann de na téacsanna i míreanna sainiúla teanga na gníomhaíochta seo.
  • Mínigh na próisis éagsúla do na mic léinn céim ar chéim chun tábhacht a leagan orthu agus chun cabhrú leo na próisis a fhoghlaim.

 

Plé ranga:

Iarr ar na mic léinn an teideal a léamh agus ábhar an téacs a phlé eatarthu féin.

  • Freagraíonn na mic léinn na ceisteanna seo a leanas: Céard atá ar eolas agat faoin ábhar? Céard iad na heochairfhocail a bhaineann leis an topaic seo atá ar eolas agat? Tobsmaointeoireacht a dhéanamh ar smaointe agus ar fhoclóir a bhaineann le hábhar.

 

Obair ghrúpa:

  • Léann na mic léinn an téacs ina iomláine. Cé acu de na smaointe a pléadh roimh ré a tháinig chun cinn sa téacs? Céard é príomhtheachtaireacht an téacs?
  • Iarrtar ar dhaltaí machnamh a dhéanamh ar na ceisteanna seo a leanas i ngrúpaí: An bhfuil codanna áirithe den téacs atá deacair a thuiscint? An bhfuil focal ann nach bhfuil ar eolas agaibh? Má tá, cuirigí líne fúthu agus pléigí iad – an féidir libh brí na bhfocal a thuiscint ón gcomhthéacs ina bhfuil siad? Cén chaoi?
  • Léann na mic léinn an téacs arís agus roinneann siad ina ailt é: Tugann gach mac léinn sa ghrúpa teideal gearr do gach alt agus déanann siad comparáid idir na teidil éagsúla sa ghrúpa.
  • Machnamh deireanach: Cén tuiscint atá ag an údar ar an ábhar? Céard é tón an téacs? Cén cineál téacs é? Iarr ar na mic léinn na ceisteanna thuas a phlé sna grúpaí.

 

 

Cleachtadh teanga:

Cuir gníomhaíochtaí teanga ar fáil chun cleachtadh a dhéanamh ar struchtúir áirithe atá sa téacs nó úsáid na gníomhaíochtaí a mholtar sna míreanna sainiúla teanga a ghabhann leis an ngníomhaíocht seo.

 

Machnamh ar straitéisí léitheoireachta:

Fiafraigh de dhaltaí:

Cé na straitéisí léitheoireachta a d’úsáid tú? Cén fhad a thóg sé ort teacht ar thuiscint iomlán ar an téacs? Pléigí leis an rang uile.

 

Moltaí don mheasúnú:

 

  1. Má úsáidtear an ghníomhaíocht chun scileanna foghlama a mheas, iarr ar dhaltaí machnamh a dhéanamh ar an bhfoghlaim agus na ceisteanna seo a fhreagairt:
  • Céard a d’fhoghlaim tú i dtaca leis na gnéithe seo a leanas agus an ghníomhaíocht ar bun agat:
    • Léitheoireacht/scileanna léamhthuisceana
    • Stíl chomhaimseartha teanga
    • Stór focal/teanga
  • Déan measúnú ar an dialann foghlama
  1. Má úsáidtear an ghníomhaíocht chun a gcuid scileanna teanga a mheas:
  • Déan measúnú ar an gcumas atá acu tuairimí ábhartha a cheapadh agus a phlé.
  • Déan measúnú ar an gcleachtadh teanga.

 

 

 

 

Foinse: DigiLanguages        Údar: Valentina Rizzo


Show Additional Content

You can use this text (Pancake day) on the British Council website to develop the activity above. The website offers different reading texts on different topics and for various levels, therefore you can change text if you like. There are also comprehension exercises at the end of each text.

Auf dem Bildungsserver der Länder Berlin und Brandenburg gibt es eine Anleitung zum Basteln des sogenannten Lesenavigators. Er hilft Schülerinnen und Schülern verschiedener Jahrgangsstufen beim Erwerb von Lesestrategien unterschiedlicher Textsorten.

Einen Link und weitere Informationen finden Sie hier.

An Léitheoireacht Ghníomhach – Sracléitheoireacht, Scanadh agus Dlúthléitheoireacht[1]

 

Léitheoireacht agus meastóireacht

Sula scríobhtar aiste ní mór léitheoireacht a dhéanamh.  Ní gá gach foinse a luaitear sna leabharliostaí a léamh, áfach.  Ní mór roghanna ciallmhara a dhéanamh faoin léitheoireacht atá riachtanach leis an tasc a chur i gcrích go sásúil.

 

Ábhar léitheoireachta a mheas

Ní hionann a bheith ag léamh ar mhaithe le pléisiúr agus a bheith ag léamh ar mhaithe le haiste ollscoile a scríobh.  Nuair is ag léamh ar son pléisiúir a bhíonn tú, is féidir ligean don scéal thú a threorú. Tugtar léitheoireacht éighníomhach air sin.  Ach nuair is ag léamh ar son taighde a bhíonn tú, is iondúil go mbíonn aidhm shonrach amháin agat, agus go léann tú sleachta áirithe den leabhar gan bacadh le sleachta eile i.e. na sleachta úd nach mbaineann le hábhar.  Tugtar léitheoireacht ghníomhach air seo.

Cineálacha na léitheoireachta gníomhaí

Is léitheoireacht ghníomhach atá sa tsracléitheoireacht: sa chás seo, ní léann tú ach na codanna den leabhar/alt ina bhfaighidh tú an t-eolas is tábhachtaí.  Tugann sé seo léargas ginearálta ar an leabhar/alt ina iomláine agus cuidíonn leat é a mheas. Ní mór díriú ar na míreanna a leanas agus an tsracléitheoireacht ar bun: an réamhrá; alt tosaigh agus deiridh gach caibidle (i gcás leabhair); an chonclúid.

Cineál eile léitheoireachta gníomhaí is ea an scanadh i.e. dul sa tóir ar théarmaí, ar fhíricí agus ar ainmneacha ar leith san alt/leabhar. Tiocfaidh tú ar an ábhar atá uait sna háiteanna a leanas: clár na n-ábhar; innéacs; leabharliosta.

Cuideoidh an tsracléitheoireacht agus an scanadh leat teacht ar na leabhair nó ar na sleachta is tábhachtaí duit i gcás d’aiste. Ní mór ansin dlúthléitheoireacht a dhéanamh ar na príomhfhoinsí seo atá roghnaithe agat i.e. féachaint go cúramach ar shliocht agus anailís a dhéanamh air le haird agat ar dhá cheist ar leith:

  • Céard é mórphointe an tsleachta?
  • Cé chomh úsáideach is atá sé domsa?

Aidhmeanna ginearálta na léitheoireachta gníomhaí

  • Na réimsí ábhartha i do chuid foinsí a aithint.
  • A bheith in ann a rá an píosa maith/drochphíosa scríbhneoireachta atá ann.
  • A bheith in ann measúnú a dhéanamh ar cé chomh húsáideach is atá sé don tasc atá idir lámha agat.
  • Cabhrú leat do chuid taighde a dhéanamh go sciobtha.

 

Mar sin, nuair atá píosa léite agat, cuir ceist ort féin: ‘Ar thuig mé an píosa sin?’  Murar thuig, seans go mbeidh ort dul siar air agus foclóir a úsáid.  Ansin, cuir ceist ort féin faoi ábhar an tsleachta: an raibh an t-eolas a bhí ann

  • Ríthábhachtach
  • Tábhachtach
  • Gan úsáid
  • Ní bhaineann sé le hábhar.

[1] Tá an píosa seo bunaithe ar Scríbhneoireacht Fheidhmeach – Treoir do Mhic Léinn Lánfhásta.  Maura Kennedy & Anne Keane a scríobh don Oifig Rochtana in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus Dorothy Ní Uigín a rinne an achoimre seo.

Materials for Italian language specific activity: http://www.scudit.net/mdmadeinit.htm

Minimum Level: A2

Before the activityUnder the title, two short lines tell what the real topic of the text is: Un testo e una lista di parole riguardo alle parole straniere in italiano. E un piccolo esercizio.

Activity:

– Read the text and answer the questions in the main part of this activity.

– Do the online language exercise.

After the activity:- What did you learn in terms of language and vocabulary?

HablaCultura incluye una colección de lecturas para estudiantes de español de niveles diferentes y sobre asuntos diferents. Todos los textos tienen un glosario en 4 idiomas. Puedes utilizar uno de los textos que encuentras aquí para desarrollar la actividad.