Torthaí an Tionscadail

Faoi láthair, níl acmhainní ar bith ar fáil ar líne d’fhoghlaimeoirí teanga a dhéanann an méid céanna leis an suíomh gréasáin a mholtar. Is iomaí acmhainn úsáideach atá ann, ach díríonn an chuid is mó acu ar ábhar go sonrach agus ní dhírítear na hacmhainní ar aon dream ar leith. Tuigeann foireann an tionscadail go bhfuil na hacmhainní seo ann agus bhí siad páirteach i bhforbairt na n-acmhainní i gcás cuid mhaith acu. Creidimid go láidir go mbeidh toradh ar an obair seo toisc aschur na hoibre seo a bheith luachmhar, spreagúil, ábhartha agus comhtháite leis na curaclaim. Tionscadal ar leith is ea é agus cuireann sé leis an Ardoideachas i gcomhthéacs na hÉireann ar na bealaí seo a leanas:

  • Cuirtear go láidir i gcomhthéacs Ardoideachas na hÉireann é, ach bunaítear an tionscadal ar dhea-chleachtas agus ar thaighde idirnáisiúnta.
  •  Freastalaítear ar réimse leathan teangacha, lena n-áirítear teangacha iasachta, an Ghaeilge, agus Béarla mar Theanga Bhreise. Beidh gné logánaithe ag baint leis an tionscadal i gcás na Gaeilge
  • Comhthátófar an tionscadal go hiomlán le curaclaim teanga sna hinstitiúidí agus caithfear torthaí foghlama na gclár foirmiúil a athshonrú i gcás céimeanna teanga.
  • Cuirtear béim ar an gcaoi a bhfoghlaimítear teanga, agus úsáid á baint as eiseamláirí seachas ar chúrsa teanga. Cuimsítear réimse d’acmhainní atá ar fáil cheana sa tionscadal chun go mbeidh foghlaimeoirí teanga ar an tríú leibhéal in ann teacht orthu go héasca, go háirithe daoine nach bhfuil mórán taithí acu ar an réimse.
  • Suíomh gréasáin ar leith is ea é maidir le struchtúr agus eagrúchán, agus is féidir le múinteoirí agus mic léinn araon teacht air ar bhealaí difriúla, mar shampla, ar bhealach líneach de réir leibhéil/cúrsa, de réir ábhair teanga, de réir riachtanais straitéisigh, de réir cás a aithint nó go randamach.
  • Tá dearadh iomlánaíoch ar an tionscadal bunaithe ar choincheapa cognaíocha, meiteachognaíocha agus praiticiúla seachas ar theanga agus tá gníomhaíochtaí tascbhunaithe ann a dhíríonn ar an teanga a shealbhú. Tacóidh an tionscadal le foghlaimeoirí cumas féinriartha agus idirghabhála a bhaint amach le go mbeidh siad ina mbaill de phobail foghlamtha teanga.
  • Cuirtear acmhainní agus tascanna forbartha múinteora ar fáil a bhunaítear ar na coincheapa céanna a phléitear le mic léinn. Tacófar le múinteoirí teanga le go mbeidh siad in ann cabhrú leis na foghlaimeoirí sa trí réimse a aithníodh
  • Déanann an tionscadal seo pobal cleachtais (múinteoirí teanga inseirbhíse agus réamhsheirbhíse) a chruthú agus a chothú. Cuimsíonn an cuibhreannas don tionscadal, agus na sé institiúid atá páirteach ann, cuid mhaith de na disciplíní teanga ag leibhéal náisiúnta, gné a fhágann go mbeidh an-tionchar ag an tionscadal. Chomh maith leis sin, tiomnaíonn gach comhpháirtí go gcuirfear an tionscadal chun cinn in institiúidí cleamhnaithe agus gaolmhara (mar shampla, Coláiste Phádraig, Droim Conarach, Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe – Maigh Eo, Institiúid Teicneolaíochta

Thamhlachta agus Bhaile Bhlainséir mar chuid de TU4Dublin) agus in institiúidí eile Ardoideachais ina gcómhthéacsanna réigiúnacha, beidh comhpháirtithe i gcúige Mumhan ag oibriú i bPort Láirge agus in oirdheisceart na tíre. Beidh an fhoireann ag oibriú le comhlachais ghairmiúla agus le líonraí gairmiúla (mar shampla, The English Language Secondary Teachers’ Association, ionaid agus líonraí VEC, líonraí Gaeilge, Post-primary Languages Initiative, One Voice for Languages, Association du Français Appliqué, Irish Association for Applied Linguistics, Service de Coopération et d’Action Culturelle). Úsáidfear líonraí fostóirí agus fostaithe chun an t-eolas a scaipeadh trí ranna gairme in institiúidí, líonraí do mhúinteoirí gairmthreorach, cumainn mhúinteoirí agus aontais mhúinteoirí.