Tugann an ghníomhaíocht seo faoi fheasacht a chothú sna daltaí maidir leis na difríochtaí a bhíonn ann idir téacsanna clóite agus téacsanna ar líne. Sula dtugann tú faoin ngníomhaíocht seo, b’fhéidir gur mhaith leat breathnú ar an leathanach Inniúlacht i dtéacsanna clóite.
Torthaí Foghlama
Ar chríochnú na gníomhaíochta seo:
- beidh tuiscint ag na mic léinn ar na difríochtaí is mó idir téacs clóite ar pháipéar agus téacs clóite ar líne
- beidh siad in ann téacs a bheadh feiliúnach chun a fhoilsiú ar líne a ullmhú
Teicneolaíocht a bheidh de dhíth
Beidh leagan clóite de théacs agus ríomhaire nó táibléad le ceangal idirlín ag teastáil chun an ghníomhaíocht seo a dhéanamh. Mura bhfuil ceangal idirlín ar fáil, is féidir an ghníomhaíocht seo a dhéanamh le leagan priontáilte den téacs ar líne.
Modh oibre
Roimh an rang
- Roghnaigh téacsanna a bhfuil leaganacha clóite ar pháipéar agus leaganacha ar líne ar fáil díobh. Beidh líon na dtéacsanna a bheidh de dhíth ag brath ar líon na mac léinn sa rang. ROGHnaigh cineál amháin téacs in aghaidh gach grúpa mac léinn (níor chóir go mbeadh níos mó ná ceathrar in aon ghrúpa ). Is féidir an ghníomhaíocht seo a dhéanamh sa teanga dhúchais nó sa sprioctheanga ag brath ar inniúlacht na mac léinn sa sprioctheanga. Léigh an mhír ‘Nótaí don Teagascóir’ thíos.
- Seo a leanas samplaí den ábhar a d’fhéadfaí a úsáid: alt nuachtáin agus leagan ar líne den alt; treoirleabhar do thurasóirí agus suíomh gréasáin nó léarscáil a thugann an t-eolas céanna; alt tuairimíochta agus postáil ar líne ar an ábhar céanna, srl.
- Déan fótachóipeanna de na téacsanna clóite.
- Socraigh gur féidir leat na naisc chuig na téacsanna ar líne a roinnt go héasca leis na mic léinn. D’fhéadfá, mar shampla, doiciméad ar a bhfuil na naisc a ullmhú agus é a chur chuig na mic léinn i ríomhphost nó é a chur ar fáil dóibh ar líne. Mura mbeidh ríomhairí/táibléid ar fáil do na mic léinn, priontáil cóipeanna de na téacsanna ar líne.
I rith an ranga
- Tabhair an dá leagan den téacs céanna (leagan clóite agus leagan ar líne) do gach beirt nó do gach grúpa (ceathrar ar a mhéad).
- Iarr ar na mic léinn an dá leagan a léamh agus liosta a dhéanamh de na difríochtaí agus na cosúlachtaí atá le sonrú. Iarr ar na mic léinn díriú ar ghnéithe áirithe de na téacsanna: fad, stíl, méid eolais a chuirtear ar fáil. Iarr orthu réasúnaíocht a thabhairt de na difríochtaí a thug siad faoina n-aire chomh maith.
- Iarr ar na mic léinn ceann de na téacsanna a roghnú, am a chaitheamh á léamh agus achoimre ar ábhar an téacs a ullmhú. Cuireann na mic léinn na hachoimrí i láthair an ranga.
- Bíodh plé ranga agaibh agus faigh aiseolas ó na mic léinn. D’fhéadfá aird na mac léinn a dhíriú ar na gnéithe seo a leanas:
- D’fhéadfadh téacsanna clóite a bheith foclach go leor ach ní bhíonn ach spás áirithe ar fáil dóibh i gcomparáid le téacsanna ar líne
- Úsáidtear hipearnaisc i dtéacsanna ar líne agus mar sin, cuireann siad níos mó eolais ar fáil agus naisc chuig ábhair eile a bhaineann le hábhar (chun tuilleadh eolais ar hipearnaisc a fháil, léigh Inniúlacht sa Hipirtéacs).
- D’fhéadfadh go mbeadh sé ní ba dheacra achoimre a dhéanamh ar théacsanna ar líne mar gheall ar líon na hipearnasc.
- D’fhéadfadh go mbeadh sé ní b’fhusa téacsanna ar líne a léamh mar gheall ar na meáin eile sa téacs.
Tar éis an ranga
Tabhair rogha téacsanna clóite do na mic léinn.
- Iarr orthu ceann a bhfuil suim acu ann a roghnú
- Iarr orthu leagan den téacs don idirlíon a ullmhú Níor chóir go gdtógfadh sé ní ba mhó ná seacht nóiméad an téacs a léamh.
- B’fhéidir gur mhaith leat cúpla nasc a thabhairt don rang a bheadh úsáideach dóibh, mar shampla How to write successfully for the Web, ar WikiHow, nó an físeán gearr seo How to write a blog post.
Additional Content
If you want your students to work in the Foreign Language, select texts that fit your students’ competence level. The minimum competence level may be B1+.
Extensions
As an extension of this activity you may want to organise a second class to have your students to work on each other’s texts and reduce them even more, so that they can become:
- A Facebook post, with no more than 40 characters
- A tweet with no more than 100 characters
Writing FB posts or tweets can be done successfully with classes of students with a lower level of FL competence.
Hier Online-Versionen der bekanntesten Zeitungen und Zeitschriften:
Materiale aggiuntivo in italiano
Gli articoli da usare in classe possono essere presi da quotidiani di cui si trova facilmente (e gratuitamente) una versione digitale, ad esempio:
Da leggere:
Da vedere:
- Un brevissimo video dell’Università di Ferrara su Scrivere per il web.
