Bíonn leagan d’fhoclóirí clóite ar fáil ar líne go mion minic agus bíonn cineálacha éagsúla eolais iontu. Is féidir foclóirí ar líne a úsáid chun litriú, sainmhínithe, fuaimniú, eolas gramadaí, aistriúcháin, focail chomhchiallacha agus fhrithchiallacha agus sanasaíocht a sheiceáil. Chomh maith leis sin, cuirtear samplaí difriúla den chomhthéacs ina n-úsáidtear an focal ar fáil. Buntáiste amháin a bhaineann le foclóirí ar líne is ea gur féidir a bhformhór a íoslódáil mar aipeanna agus iad a úsáid ar ghléasanna soghluaiste.
Sula ndírímid ar fhoclóirí ar líne agus ar fhoclóirí comhloguithe, tá sé tábhachtach go dtuigimid na cineálacha éagsúla foclóirí atá ar fáil ar líne agus i bhfoirm leabhair freisin.
Áirítear orthu sin foclóirí aonteangacha, dátheangacha agus sanasaíochta, foclóirí do chainteoirí dúchais agus d’fhoghlaimeoirí (ina mbíonn foclóir níos simplí), chomh maith le foclóirí a bhfuil feidhm ar leith leo, mar shampla, stórchistí d’fhocail chomhchiallacha agus fhrithchiallacha nó foclóirícomhloguithe.
Tugann na foclóirí comhloguithe atá ar fáil ar líne, samplaí d’fhocail a bhfuil mórán an chiall chéanna leo agus atá leis an bhfocal a chuardaítear chomh maith le samplaí de na comhloguithe in úsáid i gcómhthéacsanna éagsúla.
Mínímis céard is comhlogú ann agus an tábhacht a bhaineann leo:
- Comhloguithe is ea sraith de dhá fhocal nó níos mó a úsáidtear le chéile go mion minic. Is frásaí iad a thagann chun cinn toisc go n-úsáidtear arís is arís eile iad.
- Samplaí de phéirí focal is ea: ‘crystal clear’, ‘nuclear family’, ‘cosmetic surgery’
- Samplaí de chomhloguithe le níos mó ná dhá fhocal is ea: ‘make the bed’, ‘do the homework’, ‘take a risk’.
- Tá an-tábhacht ag baint le comhloguithe d’fhoghlaimeoirí toisc go gcuireann siad go mór le tuiscint an fhoghlaimeora ar dhul na teanga.
Breathnaigh ar an bhfíseán seo chun tuilleadh eolais ar chomhloguithe a fháil.
Ar chríochnú an taisc seo duit:
- beidh tú in ann do scileanna úsáidte foclóra a fhorbairt
- beidh tuiscint agat ar an eolas ar féidir teacht air san fhoclóir
- beidh tuiscint agat ar leagan amach foclóirí, ar chomhloguithe agus ar na ranna cainte
An Teicneolaíocht a bheas de dhíth
- Gléas soghluaiste ar bith (fón cliste, táibléad) agus/nó ríomhaire glúine/ríomhaire deisce.
- Ceangal leis an idirlíon
Ábhar agus naisc
- Ranna cainte
- Oxford dictionaries
- Oxford learners dictionaries
- PONS bilingual professional dictionary
- SKELL collocation dictionary
- Linguee bilingual dictionary (aistriúcháin ar fhrásaí agus ar leaganacha cainte)
Modh oibre
- Ba chóir súil siar a dhéanamh ar na cineálacha éagsúla focal nó na ranna cainte, ar fáil anseo. sula ndéantar an ghníomhaíocht.
- Aimsigh an téarma ‘make’ sna foclóirí ar líne agus sna foclóirí comhlogaíochta.
- Líon an tábla: Foclóirí ar líne agus foclóirí comhloguithe don fhoghlaim teanga
- Cuir samplaí de na comhloguithe a bhaineann leis an téarma ‘make’ sa tábla.
- Úsáid an tábla agus tú ag déanamh gníomhaíochtaí teanga, go háirithe nuair a aimsíonn tú téarmaí nua.
- Tabhair faoi d’aire go mbaineann an tábla seo le cineálacha focal sa Bhéarla.
- Feach na míreanna sainiúla teanga chun ábhar a bhaineann le do sprioctheanga a fháil.
As above
Material and links
- PONS bilingual professional dictionary
- Linguee bilingual dictionary (translation of phrases including idiomatic phrases available)
Material and links
- http://www.duden.de/ (Duden: monolingual professional German dictionary)
- PONS bilingual professional dictionary
- Linguee bilingual dictionary (translation of phrases including idiomatic phrases available)
Materiali e links
- Garzanti Linguistica
- Dizionario Italiano multimediale
- dizionario delle collocazioni
- PONS bilingual professional dictionary
- Linguee bilingual dictionary (translation of phrases including idiomatic phrases available)
Istruzioni
- Ripassa le parti del discorso in Italiano guardando questa scheda e completando le attività relative.
- Cerca sui dizionari online indicati la parola ‘fare’ e completa la scheda Online dictionaries and collocation dictionaries for language learning (versione Italiana)
- Ricorda di completare la sezione delle ‘collocazioni’ (o ‘combinazioni less wordpress.blackbear.ie/…/Online-dictionaries-and-collocation-dictionaries-for-language-learning-1.docxicali’) presente nella scheda.
- Usa la scheda regolarmente quando completi attività linguistiche, soprattutto quando trovi parole che non conosci.
Author: Silvia Benini
Material and links
- http://dle.rae.es/?id=DgIqVCc (Real Academia: monolingual professional Spanish dictionary)
- PONS bilingual professional dictionary
- Linguee bilingual dictionary (translation of phrases including idiomatic phrases available)
