Tugtar treoir sa ghníomhaíocht seo do theagascóirí ar mhaith leo mic léinn a thosú ar dhomhain fhíorúla agus abhatáir a úsáid agus ar abhatáir a úsáid chun cur síos a dhéanamh ar an gcuma atá ar dhaoine. Úsáidtear an domhan fíorúil Second Life® (SL) sa ghníomhaíocht seo agus is leagan de ghníomhaíocht 16 de chuid Dudeney, Hockly agus Pegrum í: Avatars (2013: 136-141) í.
Sula dtugann tú faoin ngníomhaíocht seo, b’fhéidir gur mhaith leat breathnú ar an topaic Inniúlacht sa chluichíocht agus ar an ngníomhaíocht Cé mise? Abhatár a roghnú agus a athrú.
Torthaí Foghlama
Ar chríochnú na gníomhaíochta seo:
- beidh tú in ann bogadh, siúl, rith agus eitilt sa domhan fíorúil
- beidh tú in ann teagmháil a dhéanamh i scríbhinn agus ó bhéal sa domhan fíorúil
- beidh tú in ann abhatár a roghnú agus a athrú sa domhan fíorúil Second Life®
- beidh tú in ann cur síos a dhéanamh ar chuma fhisiciúil agus ar éadaí sa sprioctheanga
Teicneolaíocht a bheidh de dhíth
Beidh ríomhairí a bhfuil teacht acu ar an idirlíon mar aon le cárta grafaicí a thacaíonn leis an mbogearra Second Life® ag teastáil don ghníomhaíocht seo. Ba chóir go mbeadh ríomhaire ar fáil do gach mac léinn.
Modh oibre
Sula ndéantar an ghníomhaíocht
Cinntigh go bhfuil amharcóir Second Life® ar na ríomhairí ar fad, go bhfuil sé ag oibriú agus gur féidir é a úsáid sa sprioctheanga. Má bhíonn deacrachtaí agat leis an amharcóir SL®, is féidir leat ceann eile a úsáid. Chun liosta d’amharcóirí eile a fháil, téigh chuig Alternative.net.
Féach ar an domhan fíorúil Second Life® leis na mic léinn. D’fhéadfá cur i láthair a dhéanamh sa rang, físeáin agus íomhánna a thaispeáint dóibh agus an taithí atá agatsa ar an domhan fíorúil a roinnt leo. Mínigh na fáthanna ar roghnaigh tú an timpeallacht fhíorúil seo agus an fáth a gceapann tú gur bealach úsáideach suimiúil é chun teanga a fhoghlaim. D’fhéadfá a thaispeáint dóibh a mbíonn i gceist le dul isteach i ndomhan fíorúil agus cén chaoi abhatár nua a chruthú. Is féidir seo a dhéanamh le ríomhaire atá ceangailte le teilgeoir sonraí.
Le linn na gníomhaíochta
- Iarr ar na mic léinn an t-amharcóir Second Life® a oscailt, ainm agus pasfhocal a roghnú agus logáil isteach sa domhan fíorúil.
- Tabhair am dóibh dul i dtaithí ar an spás foghlama SL®. Foghlaimeoidh siad cén chaoi an méarchlár a úsáid chun an t-abhatár a bhogadh agus a chur ag siúl, ag rith, ag léim agus ag eitilt le go mbeidh siad in ann an domhan mórthimpeall orthu a fheiceáil.
- Abair leo na treoracha ar an scáileán a leanúint agus:
- dul i dtaithí ar na gluaiseachtaí is féidir leis an abhatár a dhéanamh
- foghlaim cén chaoi an luchóg a úsáid chun breathnú thar timpeall orthu agus chun zúmáil isteach ar rudaí agus ar dhaoine eile.
- foghlaim cén chaoi teagmháil a dhéanamh i scríbhinn agus ó bhéal
Bí ar fáil chun cabhrú leis na mic léinn agus iad ag tosú amach sa domhan fíorúil.
- Nuair atá taithí ag na mic léinn ar an domhan fíorúil, iarr orthu imeacht ón spás foghlama agus áit chiúin a aimsiú ina mbeidh siad in ann an t-abhatár a athrú gan aon rud ag cur isteach orthu. Tugtar boscaí gainimh ar na spásanna ar féidir le habhatáir a bheith ag oibriú ar thionscadail iontu. Déan cairdeas idir d’abhatár agus abhatáir na mac léinn agus seol an críoch-chomhartha (seoladh) do bhosca maith gainimh, inar féidir leo a bheith ag oibriú, chucu.
- Iarr ar na mic léinn an chuma atá ar na habhatáir a athrú nuair atá na mic léinn ar fad sa bhosca gainimh. D’fhéadfá treoracha a ullmhú ionas gurbh fhéidir leat treoir a thabhairt do na mic léinn agus iad ag tabhairt faoin obair. Seo a leanas treoracha úsáideacha:
- Deaschliceáil ar d’abhatár, feicfidh tú píchairt. Cliceáil ar Appearance
- Cliceáil ar Edit Shape. Is féidir ball ar bith den chorp a athrú. Is féidir meáchan, airde, gnéas nó fiú srón an abhatáir a athrú.
- Bain triail as na feidhmeanna éagsúla a bhaineann le Edit Shape. Is féidir an t-abhatár nua a shábháil más fearr leat é ná an ceann a bhí agat.
- B’fhéidir gur mhaith leat pictiúir a ghlacadh de d’abhatár ag na tréimhsí difriúla agus iad a shábháil ar an ríomhaire. Úsáid an deilbhín ceamara chun scáilghraif a ghlacadh sa domhan.
- Féach ar an táb fardail (is cás a bhíonn ann i bhformhór na n-amharcóirí) agus féach ar a bhfuil ann. Feicfidh tú go bhfuil fillteán Geáitsí ann. Oscail an fillteán agus bain triail as cúpla geáitse a dhéanamh.
- Iarr ar na mic siúl chuig lár an bhosca ghainimh agus cumarsáid a dhéanamh lena chéile sa domhan. Tabhair treoir dóibh; ag brath ar inniúlacht teanga na mac léinn, b’fhéidir gur mhaith leat go ndéanfaidís cur síos ar an gcuma atá ar abhatáir a chéile agus míniú a thabhairt ar na fáthanna a bhí acu le habhatár áirithe a roghnú. D’fhéadfá iarraidh ar na mic léinn marc a thabhairt do na habhatáir agus vótáil a dhéanamh chun an t-abhatár is fearr (nó is greannmhara, is scanrúla, srl…) a aimsiú. D’fhéadfá iarraidh ar na mic léinn cabhrú lena chéile chun an chuma atá ar na habhatáir a athrú.
Léigh na Nótaí do Theagascóirí chun moltaí maidir leis an gcaoi arbh fhéidir cur leis an ngníomhaíocht seo a fháil.
Tar éis an ghníomhaíocht a dhéanamh
Tabhair críoch-chomharthaí do na mic léinn d’áiteanna arbh fhéidir leo cruthanna, éadaí agus baill coirp a fháil saor in aisce. Is féidir leis na mic léinn na hathruithe a chríochnú sa bhaile agus an chuma nua a chur i láthair sa chéad rang eile.
Susanna Nocchi
Additional Content
Extensions to the activity
- You can decide to give students free clothes, shapes, body parts, objects and hair while they are working on their avatar’s appearance. This can make the activity more varied and more fun, if your students are quick to learn how to move in the virtual world.
- If you have a small group of students you can be more present during the completion of the activity by working and communicating with them in the virtual world and asking them to follow your example when modifying their avatar. By doing so, you can direct each step, showing how you change your shape and look and asking them to copy what you are doing and take pictures of their new modified selves.
Zum Anschauen
- Ein Tutorial zum Thema Avatars in Second Life auf Deutsch.
- Hier der offizielle Kanal von Second Life.
Materiali aggiuntivi in italiano
Da leggere
- Questo blog fornisce indicazioni in italiano su come modificare l’avatar su Second Life
Da vedere
- Un video in italiano su come iscriversi e scegliere un avatar su Second Life
