Game
An madra rua nó gé é?

Tugtar treoir sa ghníomhaíocht seo do theagascóirí ar mhaith leo go mbeadh na mic léinn páirteach i rialacha cluiche a leagan síos, d’fhonn cleachtadh a dhéanamh ar an sprioctheanga chomh maith.  Úsáidtear cluichí simplí cláir a bhíonn ar eolas ag mic léinn cheana féin sa ghníomhaíocht seo agus bealach maith is ea é chun an chluichíocht a thabhairt isteach sa rang teanga.  Sula dtugann tú faoin ngníomhaíocht seo, b’fhéidir gur mhaith leat breathnú ar an topaic Inniúlacht sa chluichíocht.

 

Torthaí Foghlama

Ar chríochnú na gníomhaíochta seo:

  • tuigfidh na mic léinn gur bealach spraíúil chun teanga a fhoghlaim é cluichí a imirt
  • beidh siad in ann cluichí cláir a úsáid mar uirlis foghlama
  • beidh siad in ann na rialacha a bhaineann le cluichí cláir a úsáid chun dul san iomaíocht le mic léinn eile agus iad ag tabhairt faoi ghníomhaíocht foghlama
  • beidh siad in ann cluiche simplí cláir don fhoghlaim teanga a dhearadh

 

Teicneolaíocht a bheidh de dhíth

Is féidir an ghníomhaíocht seo a dhéanamh gan mórán teicneolaíochta. Níl ach clár de dhíth chun an cluiche cláir a úsáidtear sa ghníomhaíocht, an madra rua agus an ghé, a imirt. D’fhéadfadh go mbeadh ar an teagascóir cláir chluiche a phriontáil i gcás cluichí eile a mholtar sna ‘Nótaí do Theagascóirí’.

 

Modh oibre

Sula ndéantar an ghníomhaíocht

Tarraing an ghreille don chluiche ‘an madra rua agus an ghé’ agus fiafraigh de na mic léinn an bhfuil rialacha an chluiche ar eolas acu. Is féidir an chuid seo den ghníomhaíocht a dhéanamh as Béarla nó as an sprioctheanga, ag brath ar inniúlacht teanga na mac léinn.

Le linn na gníomhaíochta

  1. Roinn an rang ina dhá ghrúpa. Foireann a bheidh i gceist le gach grúpa agus níor chóir go mbeadh ní ba mhó ná seisear ar na foirne. Má tá rang mór agat, féach ‘Nótaí do Theagascóirí’ chun leagan eile den ghníomhaíocht a fháil.
  2. Iarr ar na mic léinn ocht n-ábhar sa sprioctheanga, ar mhaith leo súil siar a dhéanamh orthu, a roghnú. Is féidir leis na mic léinn topaicí a bhaineann leis an siollabas teanga nó le hábhar a rinne tú leis an ngrúpa cheana a roghnú. Topaicí a d’fhéadfaí a úsáid: gnéithe den ghramadach, mar shampla: an t-alt, briathra san aimsir láithreach, na réamhfhocail, briathra frásacha, srl; gnéithe a bhaineann leis an bhfoclóir, mar shampla: focail a bhaineann leis an scoil, seanfhocail, comhloguithe, srl.; ceisteanna cultúrtha a bhaineann le topaicí áirithe, mar shampla: scannánaíocht, féilte, difríochtaí idirchultúrtha, srl.
  3. Mínigh do na mic léinn go gceanglófar gach topaic a roghnaítear le ceann de na cearnóga seachtracha ar an ngreille don chluiche an madra rua agus an ghé. Ceanglófar an chearnóg sa lár leis na hocht dtopaic.
  4. Nuair a socrófar na topaicí, iarr ar na foirne cúig cheist a chumadh do gach topaic. Cuirfear na ceisteanna seo ar an bhfoireann eile nuair is mian leo marc a chur i mbosca ar an ngreille, beidh ábhar na ceiste ag brath ar an ábhar lenar ceanglaíodh an bosca ag tús an chluiche.
  5. Nuair a bheidh na ceisteanna réidh, seiceáil iad leis an ngrúpa a ndearna iad, bailigh na ceisteanna ar fad agus cuir tús leis an gcluiche.
  6. Beidh ar na foirne duine amháin a roghnú agus beidh 60 soicind acu ceist a fhreagairt. Is tú a chuireann na marcanna ar an gclár agus seiceálfaidh an dá fhoireann freagraí a chéile chun a fháil amach ar thug an fhoireann eile an freagra ceart.
  7. Ba chóir go bhfaigheadh gach duine ar an bhfoireann a bhuann duais.

Tar éis an ghníomhaíocht a dhéanamh

Iarr ar na mic léinn a bheith ag oibriú i ngrúpaí beaga agus cluiche eile ar féidir é a athrú agus a úsáid don fhoghlaim teanga nó don súil siar a aimsiú. Pléifear na cluichí sin sa chéad rang eile agus is féidir iad a úsáid amach anseo.

Léigh Nótaí do Theagascóirí chun moltaí maidir leis an gcaoi arbh fhéidir cur leis an ngníomhaíocht seo a fháil.


Show Additional Content

Additional Content

If you have a large group

  • If you have more than 12 students in your class, you can make 4 or 6 teams and ask them to play the game against each other, without your supervision. Otherwise, you can make smaller teams and have two teams play first. The winners of the first game will then play against a third team, and so on.

Extensions to the activity

Other board games that can be used for this activity are:

  • Snakes and Ladders. You can find many online Snakes and Ladders boards that you can download and print. One example is the one offered by Activity Village, an educational website that offers resources for kids.
  • Hangman. You can ask your students to prepare questions for it, or use one of the free Hangman software, such as the one on Tucows and get students to use that.
  • The app Quizlet allows you to train your students using quizzes, games and flashcard. Try it and see how you can get your students to use it.

Zum Weiterlesen

Zum Thema Wortschatzspiele im Unterricht bietet dieser Blog einige Ideen.

Der Hueber-Verlag stellt einige Kopiervorlagen bereit. Das tut übrigens auch das Goethe-Institut.

Auf Ludolingua gibt es ebenfalls zahlreiche Ideen und Links.

Idee per l’italiano

  • Un gioco molto amato dai bambini italiani è il Gioco dell’Oca. Usarlo può essere un modo di far conoscere ai tuoi studenti qualcosa in più della cultura italiana. Il sito Fabila.net ti dà la possibilità di stampare un tabellone del gioco dell’oca, che puoi usare in classe. Se vuoi, puoi semplificare le regole del gioco, in modo da renderlo più utile in classe.