Reading
Grafaicí faisnéise, inniúlacht sna meáin amhairc

Dírítear ar ghrafaicí faisnéise mar shampla de na hilmheán atá mórthimpeall orainn chun feasacht a chothú sna mic léinn ar na meáin amhairc agus ar na hinniúlachtaí sna hilmheáin atá de dhíth orainn.

Sula ndéanann tú an ghníomhaíocht seo, b’fhéidir gur mhaith leis na mic léinn breathnú ar an leathanach Céard is inniúlacht sna meáin amhairc agus sna hilmheáin ann? 

 

Torthaí Foghlama

Ar chríochnú na gníomhaíochta seo, beidh mic léinn in ann:

  • anailís chriticiúil a dhéanamh ar ghrafaic faisnéise
  • grafaic faisnéise a chruthú

 

Teicneolaíocht a bheidh de dhíth

 

Modh oibre

Roimh an rang

Roghnaigh grafaic faisnéise a bhaineann le hábhar a mbeidh suim ag na mic léinn ann m.sh. téama atá ar an gcuraclam

Le linn na gníomhaíochta

  • Tabhair teideal na grafaice faisnéise do na mic léinn . Iarr orthu tobsmaointeoireacht a dhéanamh i mbeirteanna ar an méid a d’fhéadfadh bheith air. Cuir na tuairimí atá acu ar an gclár.
  • Taispeáin an ghrafaic faisnéise do na mic léinn. Iarr ar na mic léinn trácht a dhéanamh ar na cosúlachtaí agus na difríochtaí idir an méid atá ar an ngrafaic faisnéise agus na tuairimí a bhí acu faoin méid a bheadh air.
  • Fiafraigh de na mic léinn cé na gnéithe tábhachtacha de grafaic faisnéise (struchtúr, úsáid dathanna, méid na ngraf éagsúla i gcomparáid lena chéile).
  • Déanann na mic léinn machnamh ar an aidhm a bhí ag an údar, cé air a bhfuil an ghrafaic faisnéise dírithe, an bhfuil sí claonta agus an féidir a bheith muiníneach as iontaofacht agus bailíocht na bhfoinsí a úsáideadh, m.sh. an luaitear foinsí, cén fianaise a thugtar chun tacú leis an argóint.
  • Déanann na mic léinn cíoradh ar na mínithe éagsúla agus ar léirithe éagsúla ar an ábhar céanna.

Tar éis an ghníomhaíocht a dhéanamh

  • Cruthaíonn na mic léinn grafaic faisnéise a bhaineann le téama ar an gcuraclam nó le gné den fhoghlaim teanga.
  • Déanann na mic léinn taighde agus bailíonn siad sonraí, ní mór dóibh a bheith ag smaoineamh ar fhoinse na sonraí, cruinneas agus cothromaíocht le dáta.
  • Déanann na mic léinn cinneadh faoin gcaoi a gcuirfear an t-eolas i láthair (m.sh. cairteacha, amlínte, léaráidí Venn); faoin dearadh (dathanna, cló, méid an chló agus stíl); agus úsáideann siad uirlis idirlín 2.0 ar nós Piktochart nó bogearra ar bith eile atá feiliúnach chun an ghrafaic faisnéise a chur le chéile (m.sh. Microsoft word).
  • Cláraíonn na mic léinn do chuntas Pintrest, leanann siad do bhord agus cuireann siad an ghrafaic faisnéise leis. Tugann na mic léinn vóta don ghrafaic faisnéise is fearr. Tugtar an suaitheantas don inniúlacht sa hilnheáin agus sna meáin amhairc don bhuaiteoir.

Voici deux articles qui peuvent aider vos étudiants à comprendre les raisons pour lesquelles il faut être vigilant vis à vis des infographies

Air France : pourquoi il faut se méfier des graphiques

Visualisation de données : faut-il se méfier des infographies ?

Was sind Infografiken?

Materiale aggiuntivo in italiano:

Alcune infografiche da utilizzare con gli studenti si trovano su:

Un esempio di infografica utilizzata per chiarire una notizia che aveva causato uno stato di preoccupazione nei lettori lo si trova nell’articolo di Lettera 43 sull’emergenza meningite in Italia.